Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/63

From Wikisource
This page has been validated.
53
AN t‑OILEÁNACH

“Téanam mar sin, ní fada uainn annso thuas iad,” ar seisean.

B’eo liom le n‑a chois agus sceitimíní orm. Ní raibh aon stoca agam do chuirfinn ar mo chois ach thug bean an tsiopa stocaí dhom nó go dtabharfadh m’athair abhaile arís iad. Sin é an uair a bhí gíoscán agem’ bróga. Sin é an uair a bhíos im’ dhuine uasal. Cé déarfadh ná gurbh’ eadh me? Culaith de ghlas na caorach agus caipín dá adhairce. Do bhí Diarmaid go sultmhar nó go bhfeacaidh na bróga nua orm-sa ach níor fhan fead ná glaodh as san amach aige. Scrúile athar a bhí aige agus ní raibh a bhac air iad a chur ar an slataire ach ní leigfeadh a chroidhe dho é.

An uair do shroich an bád calath an oileáin lán de shalann agus de bhiadh ó’n nDaingean, agus mar is nós riamh insan oileán é gur indiu, do bhí bruach an chalaith lán de dhaoine, dar ndóigh, féachaint a’ mbeadh aon scéal nua aca. Ní raibh aenne insa bhád ná raibh a aithint aca ar chasadh na súl ach an slataire duine uasail a bhí innti—cuid aca ’á rádh gur le taoiseach ó’n mbaile mór é agus a mhuinntir ’á leigeant aníos seachtain ar fuaid an oileáin.

Do bhí drifiúr liom ar barra ’na measc, Eibhlín, agus ní raibh sise láidir gur me bhí ann toisc scáil na gcraobh a bheith im’ chosa agus me im’ luimíneach chaol-spágach choslomnochtaithe ag fágaint an tighe dhom. Do bhí Cáit agus Nóra timcheall an bháid thíos ag an uisce. Thug Paidí, mo dhritheáir, an mála salainn go raibh dhá chéad meádhchaint ann abhaile ar a dhrom leis mar do bhí cuid de’n iasc gan salann go dtí san.

Do cheap mo mháthair gur fear áitithe do bhí ag teacht nuair a chualaidh sí mise ag promsáil lem’ fheidhre bróg. Deineadh iongantas díom mar gheall ar na bróga do bheith orm comh luath mar lá a bpósta do bhíodh bróga ’á chur ar fhearaibh agus ar mhnáibh an uair úd.