V
MO CHÉAD TURUS ’ON DAINGEAN
Do bhí laetheannta saoire annsan tamall againn agus bliain bhreagh chiúin dob’ eadh í. Do bhí mórán éisc age sna báid mhóra ’á thabhairt isteach. Do bhí na trí báid lán go barra, lá. Toisc cion na beirte, m’athair agus Pádraig, do bheith againn-ne dhe bhí radharc mór insa bhothán de. B’in é an chéad lá agam-sa, is dóigh liom, scartha ar fad ó bheith im’ peata, mar do baineadh ramsach as mo chliatháin an lá úd ag tarrac an éisc go dtí an dtigh liom i mála thiar ar mo dhrom. Do bhí míle éisc age gach fear singil an lá úd. D’fhág san dhá mhíle againn-ne. Dubhairt m’athair gur thugas breis agus míle abhaile dhe.
“Agus leigfead ’on Daingean amáireach thu lem’ chois má bhíonn an lá go breagh,” ar seisean, “mar tá an bád ag dul ann ag triall ar shalann.”
Ar chloisint an scéil sin dom do léimfinn tigh.
Ní me an chéad duine do chuir mo cheann ’on doras ar maidin ach Cáit, mar dob’ í an bhean-chonganta do bhí agem’ mháthair an uair seo í. Do bhí sí ró mhór, ró aosta an uair a tháinig an scoil. Do bhraitheas í go maith.
“Conus atá an lá, a Cháit?” arsa mise léi.
“Tá sé go breagh,” ar sise.