Page:An t-oileanach.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
55
AN t-OILEÁNACH

go dtí an baile mór. Do bhí sé i n‑aimsir scoile go maith an t‑am gur phreabas amach as an leabaidh. Dubhairt mo mháthair liom gur beag ná gur cailleadh insa chodladh me. Do bhíos comh tapaidh le breac an uair seo, áfach. Do ropas síos mo cheann ’on mhéis agus do bhaineas an cailicín dem’ shúilibh agus dob’ eo amach chun scoile me.