Page:An t-oileanach.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
64
AN t‑OILEÁNACH

d’eagla ar na mnáibh rómpa ach cuid ba lugha ná bhí ortha féin.

Do bhí cúigear ban ar leathtaoibh agus ní ráinig a ndóthain cloch le caitheamh aca agus do bhí balcaire maith mic ar bhaclainn dhuine aca agus nár mhór an gomh, neamh-meabhair, do bhí uirthi, an uair do chuaidh di aon rud eile dh’fhagháil ’n‑a timcheall le caitheamh le beirt de sna póilíní bhí d’iarraidh gabháil aníos tré leacain ghlas do bhí fé n‑a mbun:

“Mo chroidhe ’on fial go gcaithfead an leanbh leo!” ar sise.

“Dhera, ’dhiabhail óinsighe!” arsan bhean ba ghiorra dhi, “ná téire as do mheabhair agus coimeád do leanbh.”

Thug sí rúideóg fé’n leanbh a chaitheamh ach do ghreamuigh an bhean eile é. Níor thúisce sin ná bhí bean ó’n dtaobh eile tagaithe agus bloc de scraithín caithte síos aici agus an bheirt thíos casta le fánaidh. Tá an leanbh úd a bhí le caitheamh leo thall i Meirice go lán láidir fós. Do ghlan an long agus a cuid fear leo an lá san gan oiread agus pinginn ruadh a thabhairt leo.

An uair a chuaidh an gháir amach go raibh long ghail insa Bhloscaod mór agus fir airm ar bórd innti agus ná raibh sé ’n‑a gcumas cíos ná cáin a thabhairt leo, dob’ ait leis an saoghal Fódhla é. D’fhan san mar sin go ceann i bhfad.

Achar blianta ’n‑a dhiaidh sin tháinig long eile mar í ar móráil age bun na dtighthe. Do bhí beagán de lucht tuatha innti agus beagán de lucht airm. Fuair na h‑oileánaigh faisnéis go raibh a leithéid le teacht agus gurbh’ fhearr leigean dóibh, b’fhéidir, agus an méid ba agus caoire do bhí ann a thiomáint siar go dtí an ceann tiar d’oileán.

Sin mar bhí. Do thiomáin na slatairí leo iad faid dob fhéidir leo iad a chur. Do bhí an Sirriam insa luing agus na cosa eile do bhain leis. Níor cuireadh aon chaduaic ortha ach tugadh faid a dtéide dhóibh chun soláthair. B’eo leo chun an chnuic—báilí agus gárdaí le chéile. Do chuaidh an t‑árd-