bhliain sin mar do bhailibh na ropairí do bhí sa tsean-árthach gach breac do bhí marbh san oileán leo agus ní foláir liom nó is mallacht duine éigin a thuit ortha agus an tón do thuitim as an luing agus í age Faobhar-Charraig ag triall chun Daingean Uí Chúise agus í lán de’n iasc.”[1]
“Ó! do bhí mallacht gach nduine do bhí san Oileán ortha, is dócha,’ arsa m’athair.
“Do bhí, a Dhomhnaill, agus mallacht Dé ’na theannta agus do thuit sé ortha,” ar seisean.
“Conus san?” arsan fear eile. “Dar ndóigh níor báthadh aenne ’ca nuair a thuit an tón as an sean-árthach ortha nó cad a shábháil iad?”
“Cleithire de bhád mhaith mhór a bheith ceangailte dhi agus nuair a rop an t‑uisce chúcha aníos do chuaidh gach nduine aca innti,” arsa Tomás.
“Agus cad é an tslí eile gur thuit mallacht Dé ortha mar sin?” arsa m’athair.
“Thuit, do ghaibh comh maith le dachad pearsa ’ca chun an oileáin seo faid a bhí an fóiréigean ar siubhal agus níor cailleadh aenne de’n méid sin age n‑a thigh féin, ach aon fhear amháin a bhí annsan amuich i gComíneól, ach i dtigh na mbocht iad uile leis an nganntar,” arsa Tomás Maol, “agus b’in mar ba chóir iad a bheith agus baodhachas le Dia iad san a bheith san uaigh agus sinn-ne beo.”
“Is é Seán Husae an chéad fhear ceart a tháinig ag bailiú an chíosa,” arsa m’athair.
“Is é agus duine ana-dhíreach dob’ eadh é,” arsa Tomás,
- ↑ Sean-bhád iascaigh, “Nóra Chríonna,” ó’n nDaingean a thug báillí leo chun earraí do ghabháil a lós fiach cíosa san mBlascaod. Rugadar ar a raibh d’iasc leasaithe ann. Ar an bhfairrge abhaile dhóibh do chuaidh an sean-bhád agus a raibh d’iasc innte fé loch. Do deineadh rann di:
- “Thuit an tón as ‘Nóra Chríonna,’
- D’imigh na gabhair ar fuaid na taoide;
- Nóra Ní Rathaille ’gol ’s a’ caoine,
- Is Clára Hussey ’cur na dlí ’mach.”—F.E.