An t-Oileánach/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Brácadh an tsaoghail
[ 204 ]
XX
BRÁCADH AN tSAOGHAIL

Bás na leanbh, inghean mhná na h-Inise caillte, an tigh nua, na bolltaí práis, bádh mo mhic agus Eibhlín Nic Niocaill, mac le Diarmaid caillte.

An bhliain tar éis na raice shábháil—agus is dócha gur dheineamair dosaon púnt di, gan trácht thar aon ghliomach—bhíomair ag déanamh go maith i dtosach na bliana ach ní bhíonn rith maith ag an each i gcomhnaidhe.

Aimsir na ngearrcach óga bheith ann, agus iad suas le bheith aibidh, ba ghnáth le garsúin a bheith ar a dtóir. An garsún ba shine do bhí agam agus mac an Rí do dheineadar comhairle dul i dtreo éigin go mbeadh faoileán óg aca; mar ba mhinic do mhaireadh ceann aca i dtigh ameasc na gcearc go ceann bliana agus níosa shia.

Do chuaidh an bheirt i n-éineacht i dtreo na neadacha chun cúpla ceann aca so do thabhairt abhaile leo. Is i ndroch-áit a bhíodar agus le linn dom’ gharsún-sa breith ar an bhfaoilinn óig do léim sí agus do thuit sé síos amach ar an bhfairrge, slán beo mar n-innstear é! D’fhan sé i bhfad ar uachtar agus bhí sé ann nó gur ghaibh naomhóg photaí timcheall agus a thóg é.

Do bhí a athair críona, athair a mháthar, insa naomhóig a thóg é. Do bhí aon tsásamh amháin orainn—ná raibh maisle ná máchail ar aon phioc d’á chabhail cé go raibh tuitim na faille árd. B’éigean dúinn cur suas leis agus a bheith sásta. [ 205 ]Ba mhór an ní liom é bheith le cur ’on talamh agus gan a bheith ag féachaint i ndiaidh na fairrge. B’in é an chéad tosnú, agus níor mhaith é, go bhfóire Dia orainn!

Tuairim 1890 do thuit san amach agus díreach an garsún chun coinnlíochta, é ag tosnú ar phostaireacht a dhéanamh dom. Seadh, ní chothuigheann an té imigheann an té fhanann agus dob’ éigean dúinn-ne, leis, ár maidí a chur amach arís agus bheith ag treabhadh linn.

Níor chaith an bhliain seo comh maith leis an mbliain roimpi ná níor thuit oiread de sna gleamaigh oidhche linn, leis, d’á dheascaibh sin, mar ná raibh an aimsir seasathach agus do bhíodh tarrac de shíor cois na gcloch, rud nach maith leis an sórt so seilge. Do ráinig an bhliain seo, áfach, gur thuit iasc glas leis an dtalamh agus do bhí an fhairrge lán díobh. Pollóga dob’ eadh iad, iasc mór garbh go mbeadh do dhóthain cúraim ort cuid aca do thabhairt isteach thar gunail na naomhóige; agus doraithe an gléas marbhaithe a bhíodh ortha, slais de mhairciréal agus dubhán mór.

Do chuamair ’n-a dtreo lá agus an sórt san fearais le ’chéile againn agus nach mór an conach a bhí chun beirthe ortha gurbh’ éigean dúinn an bannc d’fhágaint go luath mar do bhí an naomhóigín lán againn agus an fhairrge suaithte gliobach; agus le linn teacht ar an gcalath dhúinn is mó duine dhein iongantas de n-ar thug an naomhóg bheag chughainn.

Do chaitheamair tamall de’n bhliain ceangailte insan iasc ghlas nó go raibh gach soitheach a bhí insa tigh lán againn aca agus do bhí trí chéad pollóg sábhálta againn. Timcheall na Nodlag do shíor do bhíodh árd-ghlaodhach ortha san ó lucht tuaithe chun na Saoire.

Thugas cúig phúint déag ó Dhaingean Uí Chúise liom ar mo chuid pollóg i dteannta gur mó duine muinnteartha do fuair feidhre aca agus iad go flúirseach insa tigh agam féin.


Tamall tar éis na h-aimsire sin tháinig inghean an Dálaigh Mhóir, aodhaire Inis Mhicileáin, abhaile ó Mheirice. [ 206 ]Sí sin an cailín a bhíodh an réic Diarmaid, m’uncail, ’á luachtaint liom-sa i dtúis ár n-óige. Thug sí beagán blianta thall ach do theip an tsláinte uirthi ar nós céad duine nach í. Ní i bhfeabhas a chuaidh sí tar éis teacht anall ach ag dul chun deire, ’r a shon í theacht go dtí an t-oileán ba shláintiúla do bhí i nÉirinn.

Fuair sí bás, fé dheire, thiar insa chloich agus do bhí saosúr na bliana ann le n-a linn sin. Do bhí iascairí ó Uibh Ráthach ’n-a dteannta insa chloich an uair chéadna agus, ar chlos í bheith caillte, do bhí aon duine d’fhéad é d’iarraidh na cloiche bhaint amach chun a bheith ar an dtórramh.

Dob’ iad so dream dob’ fhearr do sheasaimh i n-aon chloich riamh d’á shórt agus ba fhlaithiúla, agus d’á dheascaibh sin do bhí gach nduine d’iarraidh iad a shroichstint insa chruadh-chás agus do bhí daoine bailithe ann, cuid mhaith, an oidhche sin. Do bhí naomhóga ag sroichstint an oileáin go dtí n-a deich a chlog insan oidhche. Do bhí mór-chuid eile ag cur na báighe siar díobh ar maidin mar do bhí an lá ana-aoibhinn agus an fhairrge breagh ciúin.

Dob’ é an lá sochraide ba bhreaghtha a chonnac riamh é, agus ba theo. Is go naomhóig Uibh Ráthaigh a chuaidh an chomhra agus do bhí triúr d’fhearaibh maithe innti. An uair a bhíodar ullamh thugadar a gcúl do’n chloich agus bhíodar ag ciorrú na báighe aniar. Ar shroichstint calath an oileáin do’n sochraid do bhí a thuille naomhóg annsan romhainn. Do bhí orainn fós dul trí mhíle d’fhairrge, nó breis. Súil-fhéachaint dár thugas n’fheaca oiread naomhóg riamh i dteannta ’chéile, dar liom. Hocht cinn déag aca do bhí ann. N’fheaca-sa riamh oiread san bád i sochraid ar an bhfairrge, ná go dtí an lá indiu. Sé cinn déag agus cheithre cinn déag is mó a chonnac ó shin.

Go soirbhí’ Dia d’á n-anam so go léir gur éigean dom iad a mhúscailt; agus nár thuga’ Sé aon droch-áit d’aenne aca!

Cé go raibh lán tighe de chlainn age fear na h-Inise an uair [ 207 ]úd triúr aca atá annso timcheall orm anois. I Meirice do chuid aca, san uaigh d’á thuille agus soir siar ar nós a lán nach iad.


Do bhí an saoghal ’á chaitheamh ó bhliain go bliain ar an gcuma so agus do bhíos insa tseana-mhúchán tighe fós. Tháinig machtnamh ionnam é fhágaint agus crut éigin a chur ar bhráca beag éigin nua agus gan na cearca bheith ag glágarnaigh os mo chionn anáirde níosa shia. Cé gur minic a fuarthas cnuasóg ubh anáirde ann lá an ghádhtair, mar sin féin do bhíodh an braon anuas ann ’n-a ndiaidh go minic.

Do bhí sórt tighthe ’á chur ar bun an uair sin gur ceann adhmaid do bhíodh ’á chur ortha; feilt agus tarra amuich fé sna billeóga. Bhídís comh sleamhain le buidéal agus an uair dob’ annsa leis an gcirc dul anáirde mar ba ghnáth léi chun ubh a bhreith ann thuiteadh sí anuas ’on bhuaile agus ní bhacadh sí arís é.

An rud a ritheann i n-aigne duine uair is dóigh liom gur ag dul i gceangal ann a bhíonn sé agus dob’ ’in ionbhadh agam-sa é i dtaobh an tighe. Do bhí ’fhios agam ná faghainn puinn congnaimh chuige ach go raibh saghas comhthroim agam chuige, toisc go raibh an seana-thigh agam, chun mo dhóthain aimsire thógaint leis. Ní mó ná leithead sráide d’aistriú dheineas mar do bhí na clocha im’ thimcheall agus thuigeas gurbh’ fhuiriste fuinneadh i dteannta na mine agus gur mhór an ní dhom an stuif a bheith im’ thimcheall.

Do phreabas chun an tighe a tharrac amach agus an uair a bhí a fhaid agus a leithead agam do tuigeadh dom go mbeadh cúirt agam nuair a bheadh sé suas agus é díonmhar le h-adhmad, feilt agus tarra. Do bhíos ag cur píosa ann i gcomhnaidhe nuair a bhíodh an chao’ agam air, agus ó smut go smut do bhí aithint an tighe ag teacht go luath air; agus níor mhór an aga go raibh sé i n-aoirde cabhlach agus ná raibh orm ach an dá bhinn a chur le chéile, agus do bhíodar san á chaolú i ndiaidh gach péirse.

[ 208 ]Seadh, ní raibh aon díomhaointeas agam ar feadh ráithe agus do bhí an chloch phréacháin agam air san am san, sé sin an chloch dhéanach a cuirtar ar bharra na binne. Do bhí an gníomh san déanta agam gan cloch ná mairtéal a shíneadh chugham.

Is i ndubhluachair na bliana do thairrigíos chugham an gnó so an tighe; mar ní bheadh aon dul agam ar é dhéanamh aimsir ghnótha agus seilge san am go raibh an chloch phréacháin agam air, mar adubhart cheana. Do bhí gach obair ag oscailt timcheall lár an Mhárta, talamh ’á dheargadh, leasú le báid agus i gcladaighe agus ba ghnáthach le daoine siubhal ar phollaibh na róinte.


Maidean aca so do bhí breagh, bog, aoibhinn do cnagadh an doras roim lá agus mar ná raibh trom-shuan orm do phreabas de gheit agus do dheineas é oscailt, cé bheadh amuich ná Diarmaid. “Fáisc suas tu féin,” ar seisean. “Tá an lá go calma. Buailfeam siar chun na n-oileán. Cá bhfios cad a bheadh caithte i bpoll róin nó i gcuas. A’ bhfuil aon ghreim aráin beirbhithe agat?”

“Tá mo dhóthain aráin agam,” arsa mise leis, “ach níl aon fhonn siar orm isna h-oileáin. Is dócha gur turus i n-aistear turus comh luath so insa mbliain.”

“Dhera, beidh rud éigin againn—stropa coiníní nó rud ab’ fhearr ná iad, b’fhéidir. Ca bhfios duit ná gur gillín róin a bhuailfeadh linn,” arsan réic. “Níl aon phíosa aráin beirbhithe agam-sa. Tabhair leat cannta maith a dhéanfaidh sinn araon.”

“Dhera, nach sámh an dúirneóg mhná atá agat,” arsa mise leis. “Is dócha gur ag spáráil na mine a bhíonn sí.”

“Ná an diabhal é! ach an iomarca dho’n sámh a bheith uirthi agus gur cuma léi cé hé go mbeidh ocras air. Bean bhreagh, réidh iseadh í,” ar seisean, “ná raibh tuiscionnach riamh.”

Do bhuaileas chugham triantán maith aráin agus do bhuaileamair [ 209 ] an doras amach agus le chéile rómhainn. Do bhí an chuid eile de’n chriú tagaithe. Do chuireamair ar an uisce í agus dob’ eo chun siubhail sinn. Níor stadamair de’n scríb sin nó gur bhaineamair amach Inis na Bró mar a raibh poll nótálta róin. B’annamh riamh ná go mbeadh rón le fagháil ann. Dubhramair féin le ’chéile go mb’fhearra dhúinn é chuardach.

Gan ró-mhoill do bhí ceathrar istigh ann agus scóp orainn an bád d’fhágaint. Bhíomair ag druidim suas fé’n bpoll agus do chrom fear ar bheith ag gliúcaidheacht síos i luig mhóir a bhí ann. “N’fheadar cad é an sórt rudaí iad san thíos ar thóin na luige seo,” ar seisean. D’fhéach fear agus fear eile agus chonnacamair go raibh an cumar lán aca.

Do bhí fear sa bhád go raibh ana-shnámh aige agus tháinig sé agus d’fhéach síos. “Dhera, a dhiabhla!” ar seisean, “bolltaí copair agus práis iad san. Ná fuil ’fhios agaibh gur briseadh cnobalach luinge annsan tamall ó shin do bhí lán de’n sórt san bolltaí.”

Ní túisce bhí deire leis an méid sin cainnte aige ná chaith sé dhe anuas a raibh d’éadach ’en tsaoghal air agus thug a cheann fé uisce síos. Ní mór fara aoirde fir d’uisce do bhí insa chumar agus níorbh’ fhada do bhí sé thíos nuair a tháinig sé ar barra agus bollta copair aige do bhí cheithre troighthe ar faid. “Dar bhur n-anam gléigeal!” ar seisean, “an ag brath liom-sa atánn sibh chun a bhfuil annsúd a thabhairt aníos? Cuirtear téad ar dhuine eile agus ar bheirt agus ní cás deabhadh maith do dhéanamh an fhaid a bheidh an taoide gan teacht mar is deacair iad d’fheiscint an fhaid a bheadh an suathadh insa pholl.”

Do caithfaí san a dhéanamh ach cá raibh an bheirt a raghadh síos? Dob’ ’in í an cheist. Do bhí cuid aca nár chuaidh ’on tsáile riamh agus cuid eile againn go raibh snámh maith againn ach nár ghnáth-bhéas againn dul fé loch.

Thug Diarmaid seáp treasna an chladaigh ag triall orm féin agus dubhairt, “Nach éachtach an snámhaidhe tusa uair [ 210 ]eile agus go minic gan puinn d’á bharra agat. Druid annso i leith chugham agus cuir ort lúb de’n dtéid seo agus tabhair chughainn aníos cuid des na camáin óir sin agus ná bítar ag brath ar aenne amháin ná ar bheirt, leis.”

Seadh, marar thaithin an scéal féin liom ní raibh gnó agam an fear gan chiall so do chur im’ mhullach agus, leis sin, do dheineas rud air. Do chaitheas mo bhalcaisí dhíom agus b’eo síos ar thóin an chumair me. Ní raibh an réic istigh leis féin an uair a chonnaic sé nár chuireas an téad orm féin mar dubhairt sé. Do thuig sé gur sórt paiseóin a ghlacas; ach níorbh’ eadh, mar ná raibh call le h-aon téid ach ropadh liom aníos an uair ba mhaith liom é, mar do bhí snámh maith agam.

Le linn dul síos dom do bhuail bollta lem’ chois agus do bhíos ag cuardach féachaint an mbuailfeadh ceann eile liom chun go mbeadh iongnadh ar an réic nuair a chífeadh sé an dá cheann ag teacht agam, mar ná bíodh ag an bhfear eile ag teacht ach ceann sa turus agus laochas air d’á bharr san féin do bheith aige.

Seadh, do bhíos ag lorg go tiugh agus níor ró fhada gur bhraitheas an tarna ceann agus do bhogas é go h-éascaidh. Do bhí ceann fém’ ascail agus ceann i láimh liom agus an lámh eile ag tabhairt cabhartha liom. Do chuireas mo dhá chois i bhfeac agus chuas ar barra go h-éascaidh ach má chuas do bhí meádhchaint na mbolltaí am’ bhreith síos arís mar is i lár an chumair a ráinig liom teacht ar barra. Ach ba mhaith an mhaise sin do’n réic. Do bhí an téad caithte aige agus í gabhtha sa láimh díomhaoin agam-sa. An uair a chonnaic Diarmaid, réic, an dá bhollta ag teacht agam iseadh chrom sé ar phortaireacht; agus ní raibh aon truagh aige dhom, ó’n uair gur mhaireas agus rud agam, mar duine dian chun seilge dob’ eadh é. “Mo ghraidhin go deo thu! má’s mall is trom ualaigh,” ar seisean liom. “Bhí thíos arís.”

Do bhí fear eile ’n-a sheasamh ar bhruach an phoill. Muiris Bán a bhíodh mar ainm air. Fear leathan láidir dob’ eadh [ 211 ]é, ach níor thug sé buille snámha riamh. Dob’ ait leis sinn-ne bheith ag dul ’on chumar agus é féin ag féachaint orainn. Dubhairt sé le Diarmaid: “Cuir ceann na téide ar mo chorp go raghad síos agus go dtabharfad bacla aca so aníos liom ó táid siad comh flúirseach.”

“Dhera, dar do chroidhe do’n dialbuidhe!” arsa Diarmaid, “ní foláir nó is ag cailliúint do chéille taoi-se. Nach mar a chéile tusa leigeant síos nó máilín salainn! Lucht an tsnámha ná bíonn ionnta ach an dé san am go dtagaid aníos!”

D’iompuigh Muiris ar fhear eile chun na téide do chur air nuair a chonnaic sé an scaimh a chuir Diarmaid air féin chuige; agus dob’ é fear é ná dritheáir do Dhiarmaid gurbh ainm do Liam, fear ná cuirfeadh puinn suime Muiris a thabhairt aníos marbh as an gcumar comh maith le h-é bheith beo.

Do chuir Liam an téad ar Mhuiris agus b’eo le fánaidh é agus insan am gur bhuail sé thíos níor dhein faic ach tarrac anáirde ar an dtéid arís nó gur chuaidh ar barra, gan é ag braith ar Liam chun é tharrac. Ba mhaith mar dhein mar thabharfadh Liam a dhóthain aimsire dho chun é ’á bhádh thíos.

Sarar thosnuigh an t-uisce ar líonadh sa chumar do bhí bollta agus fiche ag an mbeirt againn, cnocán breagh idir chopar agus phráis agus is fada go mbeadh Diarmaid cortha ’á dtarrac go dtí an bád.

San am go raibh gach ní socair againn do chromamair ar ár ngreim aráin a mheilt agus do shlogadh siar—agus gan puinn cainnte nó go raibh san déanta, gan annlan gan faic ar an saoghal leis ach anois agus arís go gcuireadh fear a lámh amach agus thugadh leis lán a bhaise de’n tsáile agus do leigeadh siar é chun an góilín a ghlanadh.

Le linn na gíotála so do bheith ar siubhal, agus sinn chun tabhairt fé abhaile, súil-fhéachaint dár thug Liam do chonnaic sé tráléir ag déanamh ar Inis Mhicileáin.

[ 212 ]“Tá rud éigin ’á dtabhairt go dtí an áit indiu,” arsa Diarmaid.

Nuair a tháinig sí go dtí tráigh na h-Inise do chuir síos anncaire chun staidéir a dhéanamh ann.

“Seadh,” arsa Diarmaid, “cuiridh amach bhúr maidí agus bíodh fhios againn cad a thug í agus annsan beam ag dul abhaile i n-ainm Dé.”

Do bhuaileamair treasna anonn mar nach fada ó chéile an dá chloich agus ní fada go rabhamair ’n-a dteannta. Do bhí sí lán de dhaoine. Chun lá grinn a bheith ins na clocha an gnó is mó a thug iad.

Do bhí folachadh ar na bolltaí insa bhád againn-ne gan aon fheiscint ag aeinne ortha ach insa deire dubhramair féin le chéile gur mhaith an rud ceann a thaisbeáint dóibh féachaint cad déarfaidís leis. Ar fheiscint an spara práis do dhuine uasal a bhí ar bórd tháinig ana-iongnadh air cad é an áit gur shroicheamair é agus do chuir ceist go tapaidh an mór a bheadh uainn air. Is fada Éireann go bhfuair sé aon fhreagra mar ná raibh fios ceart ag aenne insa bhád mórán mar gheall air. Fé dheire do labhair captaen an árthaigh agus dubhairt: “Is fear é seo a bhíonn ag ceannach an sórt so agus ba mhaith leis sibh ’á dhíol leis.” Annsan do dheineamair amach go gceannochadh sé gach a raibh againn aca. Sa deire chun scéal gearra a dhéanamh de do díoladh leis iad ar fad ar sé púint déag.

B’éigean dúinn dul ar bórd an tráléara agus biadh agus deoch a chaitheamh innti, agus é le fagháil go flúirseach; agus, dar ndóigh, cad é an áit eile go mbíonn an raghairse ar siubhal ach mar a mbíonn na h-uaisle. Fé dheire d’fhagamair slán aca. Agus sinn ag déanamh ar an gcloich eile, sé sin Inis na Bró, do bhí coiníní le feiscint ag damhas ar gach ribe féir innti. Do bhí brothall, grian agus aoibhneas aca innti chuige sin san am san.

Go h-obann agus sinn ag bun na cloiche sin do labhair Diarmaid. Dob’ é an captaen a bhí orainn é. Do phreab [ 213 ]sé ’n-a sheasamh an uair seo agus dubhairt: “Tráthnóna mín álainn iseadh é agus níl faic le déanamh againn ach dul abhaile. Tá dhá mhadra mhaithe insa bhád agus cúpla ramhan maith. Tugaimís ruail fé’n gcloich agus beidh leath-dosaon coiníní ag an bhfear againn,” ar seisean.

Fear gur thaithin a ghlór leis agus beirt nár thaithin agus mar sin féin ba chomh-mhaith do gach nduine an tseilg. Do stad an bád ag an gcalath agus b’eo amach sinn, beirt soir agus beirt siar. Do bhí an tráthnóna déanach go maith insan am gur bhuaileamair le chéile arís ar bhruach an chalaith.

Níorbh’ é an réic, Diarmaid, ba lugha fé’n tseilg. Do bhí oiread aige le beirt eile ach go raibh madra maith aige ba leis féin; agus, rud eile, ní raibh aon droch-fhéith ann féin ná insa mhadra.

Tar éis teacht go dtí an bád do gach nduine, agus chuireamair an tseilg ar fad i dteannta chéile, do bhí ocht ndosaein coiníní againn, dosaon an fear. Dubhairt na fearaibh ba shine do bhí insa bhád gurbh’ í seilg í ba mhó ba chuimhin leo a deineadh riamh ins na h-oileáin ar a ghiorracht aimsire. Do bhí bolath na gaoithe ann agus í ’na cóir abhaile againn.

Mar ná bíonn rún age mórán daoine do sceidh sé ó dhuine éigin againn-ne, leis, cár chaitheamair an lá agus cad a bhuail linn agus na daoine uaisle a cheannuigh an prás; agus de dheascaibh gan an rún a choimeád do bhí ár gcuid feicithe againn de sna mianaigh. Sara rabhamair le n-a chéile lár-na-mháireach do bhí báid an bhaile imithe. Ach níor mhór na púint eile do baineadh as riamh ó shin.


Siad an dá phúnt do bhí ’á bharra agam-sa an chéad dá phúnt a dhíolas as ceann an tighe nua.

Do bhí earraí saor an uair úd agus ní mór ar fad do chosain na neithe theastuigh uaim i gcomhair an tighe nua. Do bhí mórán d’oir do agam féin agus tigh beag dob’ eadh é [ 214 ]cé, an uair a bhíos ’á tharrac amach, gur cheapas gur chúirt é; agus ba gheall leis seachas an múchán a bhí agam.

Do bhí aon mhaith amháin ar an múchán gur thug sé mo dhóthain aimsire dhom chun an tighe nua a chur chun cinn gan aon phioc eile dem’ chúram d’fhágaint siar agus rud eile do bhí insa scéal—gan aon mháille ann a bhí le cur insa tigh nua. Do bhíos ó lá go lá agus ó uair go h-uair nó gur chríochnuigheas é glan amach. Le linn san a bheith déanta cé gheobhadh timcheall ach Diarmaid. Do stad sé ag féachaint tamall agus fé dheire do labhair.

“A Mhuire, ’Mháthair! conus a chuiris le chéile comh tapaidh é, gan chabhair ó aenne beo? Mhuise mo ghrádh do ghéaga! Go raibh m’anam-sa ó’n ndiabhal ná béarfaidh an chearc ’na dhrom nó má théigheann sí anáirde gur le faill a raghaidh sí!” ar seisean.

D’fhan an tigh mar sin déanta suas tamall sarar chuamair ann. Níor mhór na tighthe feilte do bhí insan oileán san am san ach níl aon tigh amháin ann le fada ná gur feilt an díon atá ortha ach an méid go bhfuil slinn ortha. Do chuamair chun lonnaithe ’on tigh nua tuairim is an bhliain 1893, i dtosach an Earraigh. An réasún ba mhó a bhí againn dul comh luath ann mar do bhí leasú ana-ghann an bhliain chéadna agus do bhí oiread leasaithe ar an seana-thigh agus a dhéanfadh leath a raibh de phrátaí insan Oileán. Ní raibh aon faic ann ach súith agus leasú. Rud eile, do bhíodh Diarmaid ag bagairt gach lá orm. Ní raibh críoch ná áird ar an méid a bhí curtha aige féin, mar fear bocht aonair dob’ eadh é agus do bhíodh a thurus ins gach áit agus fágann an turusóireacht breall go minic ar ghnóthaí eile; agus, go minic, gan mórán de bharr a lán aca. Bhíodh truagh agam do mar do cailleadh an chéad bhean do bhí aige, agus í go maith aige, agus an bhean do bhuail thar n-ais leis gan í críochnúil ná gasta. Leagadh eile bhí agam leis—ní cheilfeadh sé smior na gcnámh orainn uair a bheadh a chabhair ag teastáil.

Comh luath agus chonnaic Diarmaid an teine agus an gal [ 215 ]sa tigh nua b’eo chugham isteach é agus do cháisimh an súith go tapaidh.

“I gcúntas gheal Dé ná leig bhuam le h-aenne eile é,” ar seisean.

Do bhí sé go dian-mhaith chun dul i gcomhair a choda ach níorbh’ fhearr chuige sin é ná chun a thabhartha uaidh dá mbeadh aige.

“Ní leigfeadh do chuid le h-aenne dho ná bíodh eagal ort,” arsa mise leis. “An bhfuil aon ghnó mór indiu agat?”

“Dar Muire, ’mhuise!” ar seisean agus é ’na sheasamh idir dhá lighe an dorais, “níl aon ócáid mhór orm. Canathaobh san? Anb’ aon ghnó atá agat-sa dhíom?”

“Is eadh, tar anáirde i mullach an tseasna-thighe agus bí ag réidhteach an leasaithe dhuit féin.”

Agus is é phreab go fonnmhar.


Do bhíomair tamall insa tigh nua agus sinn ag déanamh go maith agus sástacht orainn ann. An tigh deas glan, gan deatach, gan gal.

Ní ró fhada bhíomair lonnaithe ann san am gur ghaibh an galar triuch timcheall agus an bhruitíneach ’n-a teannta. Trí mhí thugas im’ shuidhe leis an gcuid ba mheasa de sna páistí, gan faic de bharr m’aimsire agam ach an bheirt dob’ fhearr aca do bhreith chun siubhail.

Dob’ ’in briseadh eile ar ár misneach, go bhfóiridh Dia orainn, agus dob’ fhada Éireann do bhí an cúrsa san ag teacht linn, dar ndóigh. Is dóigh liom, pé scéal agam-sa é, ná raibh an dubrón ag scarúint leis an máthair, olc ná maith; agus ó’n am san amach go raibh sí féin ag ceiliúradh, mar ná raibh sí buan agus nár mhair sí le bheith críona.

Seadh, tar éis an annróidh domh-sa do bhíos d’iarraidh me féin a chrothadh suas. Do bhuaileadh im’ aigne ná raibh aon leigheas ar na bearta san ach an méid foidhne do caithfí leo; agus do bhíos d’iarraidh tamall eile de’n tsaoghal a [ 216 ]bhaint amach—bliain mhaith ag teacht agus dhá bhliain ná bíodh ar fónamh.

Níorbh’ fhada na blianta ’n-a dhiaidh sin gur ghluais óigbhean uasal ó phríomh-chathair Éireann go dtí an t-oileán so ar a laetheannta saoire. Eibhlín Nic Niocaill dob’ í í; agus níorbh’ fhada do bhí sí ann an uair a ghlac sí páirtidhe cailín agus dob’ inghean dom do thóg sí de rogha. Do bhí an bheirt aca le ’chéile, annsan, tamall gach lá. Do bhíodh lá insa chnoc aca agus lá eile timcheall na trágha agus na fairrge agus an uair a bhíodh an aimsir bog brothallach thugaidís fé dhul ag snámh.

Lá dá rabhadar mar seo do bhí taoide ró-láidir rabharta ann agus an uair dob’ am dóibh druidim leis an dtalamh is ag imeacht uaidh a bhíodar nó go rabhadar tnáithte. Do ráinig mac liom ag baint na bprátaí insa gharraidhe i n-aice an tighe—i dtosach an fhoghmhair dob’ eadh é—mac go raibh ceol ann agus snámh d’á réir. Hocht mbliana déag d’aois a bhí sé agus do chonnaic sé an bheirt bhan insa tsnámh agus d’aithin láithreach gurbh’ iad a bhí ann agus go raghadh díobh teacht.

Do chaith sé uaidh a ramhan agus do ghaibh gach comhgar trí fhaill is cladach nó gur chuaidh ar an dtráigh. Níor bhain sé aon luid de, bróg ná faic, mar ná rabhadar ró fhada amach agus le linn dul go dtí an t-uisce dho chonnaic sé an bhean uasal ag dul síos.

B’eo amach é agus do labhair leis an drifír. Dubhairt léi bheith ’á coimeád féin ar barra go fóil go raibh an bhean uasal ’á bádh agus go raghadh sé ag fóirithint uirthi ar dtúis. Ach má chuaidh do thuit sé féin agus an bhean uasal le ’chéile. Fear eile a thug isteach an drifiúr agus gan innti ach an puth. Thóg na báid an bheirt eile le linn domh-sa agus Paidí teacht, mar ba ghnáthach linn, ó bheith ag iascach. Sid é an radharc do bhí romhainn.

Seadh, b’éigean dom seasamh leis an gcruadhchás so leis agus gabháil thríd.

[ 217 ]Dob’ í an tsochraid ba mhó í d’á raibh i nDúnchaoin riamh. Iad ar aon tsochraid amháin nó gur dheighleadar ó chéile ag tarrac, gach nduine aca, ar a dteampall dúthchais. Do dheineadar muinntir na h-ógmhná go maith dhomh-sa ar feadh blianta ’n-a dhiaidh sin. Thánadar araon chugham, an t-athair agus an mháthair, i nDúnchaoin agus b’éigean me theasbáint dóibh. Tá súil agam nár cheapadar go rabhas-sa i n-earraid leo toisc gur le n-a n-inghin féin a thuit an mac. Ach ní rabhas-sa riamh comh neamh-thuiscionnach san. Má ba léi, féin, ní raibh leigheas air. B’é toil Dé é.

Is dóigh liom mara mbeadh an t-úncail Diarmaid ná tiocfainn chugham féin chuige insa scríb seo, i dteannta cabhair Dé, mar do bhí an inghean a bhí insa bhfairrge gan mór-shúil léi féin go ndéanfadh sí aon téarnamh, ach oiread, mar ná raibh innti ach an puth fós. Dá mbeadh deimhniú go gcasfadh sí sin féin tuigeadh dom ná raghadh an scéal comh h-olc dom.

Thagadh Diarmaid gach lá chugham agus oidhche ag déanamh spior-spear de’n nglór gránna a chloiseadh sé againn-ne; ag tarrac rudaí chughainn ba sheacht measa ná an cás do bhí orainn féin—an long ar muir go mbíodh na céadta innti, an bannc cloch ins na mianaigh a thuitim ar na daoine go léir—chun misnigh a chur orainn.


Níor ró fhada a rith leis an duine bocht féin. Do bhí bailcairí maithe garsún an uair seo aige agus ba lán-ghairid go mbeadh sé ar a thoil féin dá rithfeadh leo agus ná beadh aon chúram air ach ag cur órdaithe ortha.

Beagán achair tar éis mo thubaist-se do bhuail sé chugham isteach agus gan fios faic agam.

“Do sheol rud éigin anois tu,” arsa mise leis.

“Do sheol an aindire,” ar seisean.

“Cad san?” arsa mise leis, mar b’fhada liom gur labhair sé.

“Tá,” ar seisean, “tráthnóna araer go déanach do bhí [ 218 ]an fear dob’ fhearr a bhí agam ag rith i ndiaidh caorach agus do baineadh insa tsiubhal é agus do leagadh, leis, agus do bhuail stocán cloiche le n’éadan agus do shil fuil mhairt. Ní h-é méid an ghearrtha ar fad é ach tá poll mór isteach ann agus is dócha gurb’ amhlaidh atá smut de’n gcnámh istigh briste.”

“Agus cad tá le déanamh anois agat?” arsa mise leis.

“Tá an sagart ’s a’ dochtúir bhuam,” ar seisean. “Ó tá an lá breagh faigh tu féin ullamh.”

“Bead-sa ort gan mhoill agus soláthair an chuid eile de’n gcriú,” arsa mise leis.

Ar dhul go Dúnchaoin dúinn dob’ éigean beirt a dhul fé bhrághaid an tsagairt agus do bhog beirt eile an bóthar go Daingean Uí Chúise. Diarmaid féin agus a dhritheáir Liam a chuaidh annsan. Mise agus Paid Shéamais a chuaidh ag triall ar an sagart. Do bhí bóthar deich míle rómpa san agus, geallaim dhuit, dul agus teacht de chois, gan capall ná searrach.

Ar shroichstint tighe na sagart dúinn do bhíodar as baile agus dob’ éigean dúinn ár suaineas a thógaint nó go dtánadar; agus thugamair i bhfad de’n lá ann. D’fhiafruigh an sagart paróiste dhinn an raibh an scéal dainnséarach agus dubhramair leis go raibh. Do socruigheadh go dtiocfadh an fear óg linn. Do bhogamair an bóthar roimis agus do bhaineamair as na cosa a raibh ionnta mar do bhí ’fhios againn go mbeadh an sagart romhainn, d’á fheabhas ár ndícheall, cé go raibh comhgar againn-ne.

Ar shroichstint calath Dhúnchaoin dúinn ní raibh an dochtúir fós tagaithe. Do bhí an lá meilte an uair seo. Ní mór an mhoill a bhí ar an sagart, áfach. Do chuireamair an bád ar snámh agus bhíomair ag bogadh linn nuair a tháinig an bheirt ar bharra na h-aille agus an dochtúir aca. Chasamair agus thógamair ar bórd iad. Do bhí an oidhche dubh insan am gur bhaineamair amach an t-Oileán. Dar ndóigh, dob’ éigean dúinn dul amach thar n-ais arís agus teacht isteach.

[ 219 ]Do bhraitheadar dainnséarach an buachaill agus dubhairt an dochtúir má bhí aon bhlúire de’n gcnámh briste istigh go mbeadh san ag teacht leis do shíor, “ach,” ar seisean, “ní bheidh faic air mara bhfuil san i gceist.”

Ní raibh an lá ró dhíomhaoin againn-ne, agus is sin mar bhíonn ag oileán d’á sórt go deo—annródh do shíor ann am an ghádhtair.

Níor dhein an buachaill lá maoin ná maitheasa as san amach nó gur chuaidh ’on chill.