Page:An t-oileanach.djvu/222

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Tá rud éigin ’á dtabhairt go dtí an áit indiu,” arsa Diarmaid.

Nuair a tháinig sí go dtí tráigh na h-Inise do chuir síos anncaire chun staidéir a dhéanamh ann.

“Seadh,” arsa Diarmaid, “cuiridh amach bhúr maidí agus bíodh fhios againn cad a thug í agus annsan beam ag dul abhaile i n-ainm Dé.”

Do bhuaileamair treasna anonn mar nach fada ó chéile an dá chloich agus ní fada go rabhamair ’n-a dteannta. Do bhí sí lán de dhaoine. Chun lá grinn a bheith ins na clocha an gnó is mó a thug iad.

Do bhí folachadh ar na bolltaí insa bhád againn-ne gan aon fheiscint ag aeinne ortha ach insa deire dubhramair féin le chéile gur mhaith an rud ceann a thaisbeáint dóibh féachaint cad déarfaidís leis. Ar fheiscint an spara práis do dhuine uasal a bhí ar bórd tháinig ana-iongnadh air cad é an áit gur shroicheamair é agus do chuir ceist go tapaidh an mór a bheadh uainn air. Is fada Éireann go bhfuair sé aon fhreagra mar ná raibh fios ceart ag aenne insa bhád mórán mar gheall air. Fé dheire do labhair captaen an árthaigh agus dubhairt: “Is fear é seo a bhíonn ag ceannach an sórt so agus ba mhaith leis sibh ’á dhíol leis.” Annsan do dheineamair amach go gceannochadh sé gach a raibh againn aca. Sa deire chun scéal gearra a dhéanamh de do díoladh leis iad ar fad ar sé púint déag.

B’éigean dúinn dul ar bórd an tráléara agus biadh agus deoch a chaitheamh innti, agus é le fagháil go flúirseach; agus, dar ndóigh, cad é an áit eile go mbíonn an raghairse ar siubhal ach mar a mbíonn na h-uaisle. Fé dheire d’fhagamair slán aca. Agus sinn ag déanamh ar an gcloich eile, sé sin Inis na Bró, do bhí coiníní le feiscint ag damhas ar gach ribe féir innti. Do bhí brothall, grian agus aoibhneas aca innti chuige sin san am san.

Go h-obann agus sinn ag bun na cloiche sin do labhair Diarmaid. Dob’ é an captaen a bhí orainn é. Do phreab