eile agus go minic gan puinn d’á bharra agat. Druid annso i leith chugham agus cuir ort lúb de’n dtéid seo agus tabhair chughainn aníos cuid des na camáin óir sin agus ná bítar ag brath ar aenne amháin ná ar bheirt, leis.”
Seadh, marar thaithin an scéal féin liom ní raibh gnó agam an fear gan chiall so do chur im’ mhullach agus, leis sin, do dheineas rud air. Do chaitheas mo bhalcaisí dhíom agus b’eo síos ar thóin an chumair me. Ní raibh an réic istigh leis féin an uair a chonnaic sé nár chuireas an téad orm féin mar dubhairt sé. Do thuig sé gur sórt paiseóin a ghlacas; ach níorbh’ eadh, mar ná raibh call le h-aon téid ach ropadh liom aníos an uair ba mhaith liom é, mar do bhí snámh maith agam.
Le linn dul síos dom do bhuail bollta lem’ chois agus do bhíos ag cuardach féachaint an mbuailfeadh ceann eile liom chun go mbeadh iongnadh ar an réic nuair a chífeadh sé an dá cheann ag teacht agam, mar ná bíodh ag an bhfear eile ag teacht ach ceann sa turus agus laochas air d’á bharr san féin do bheith aige.
Seadh, do bhíos ag lorg go tiugh agus níor ró fhada gur bhraitheas an tarna ceann agus do bhogas é go h-éascaidh. Do bhí ceann fém’ ascail agus ceann i láimh liom agus an lámh eile ag tabhairt cabhartha liom. Do chuireas mo dhá chois i bhfeac agus chuas ar barra go h-éascaidh ach má chuas do bhí meádhchaint na mbolltaí am’ bhreith síos arís mar is i lár an chumair a ráinig liom teacht ar barra. Ach ba mhaith an mhaise sin do’n réic. Do bhí an téad caithte aige agus í gabhtha sa láimh díomhaoin agam-sa. An uair a chonnaic Diarmaid, réic, an dá bhollta ag teacht agam iseadh chrom sé ar phortaireacht; agus ní raibh aon truagh aige dhom, ó’n uair gur mhaireas agus rud agam, mar duine dian chun seilge dob’ eadh é. “Mo ghraidhin go deo thu! má’s mall is trom ualaigh,” ar seisean liom. “Bhí thíos arís.”
Do bhí fear eile ’n-a sheasamh ar bhruach an phoill. Muiris Bán a bhíodh mar ainm air. Fear leathan láidir dob’ eadh