Page:An t-oileanach.djvu/227

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Dob’ í an tsochraid ba mhó í d’á raibh i nDúnchaoin riamh. Iad ar aon tsochraid amháin nó gur dheighleadar ó chéile ag tarrac, gach nduine aca, ar a dteampall dúthchais. Do dheineadar muinntir na h-ógmhná go maith dhomh-sa ar feadh blianta ’n-a dhiaidh sin. Thánadar araon chugham, an t-athair agus an mháthair, i nDúnchaoin agus b’éigean me theasbáint dóibh. Tá súil agam nár cheapadar go rabhas-sa i n-earraid leo toisc gur le n-a n-inghin féin a thuit an mac. Ach ní rabhas-sa riamh comh neamh-thuiscionnach san. Má ba léi, féin, ní raibh leigheas air. B’é toil Dé é.

Is dóigh liom mara mbeadh an t-úncail Diarmaid ná tiocfainn chugham féin chuige insa scríb seo, i dteannta cabhair Dé, mar do bhí an inghean a bhí insa bhfairrge gan mór-shúil léi féin go ndéanfadh sí aon téarnamh, ach oiread, mar ná raibh innti ach an puth fós. Dá mbeadh deimhniú go gcasfadh sí sin féin tuigeadh dom ná raghadh an scéal comh h-olc dom.

Thagadh Diarmaid gach lá chugham agus oidhche ag déanamh spior-spear de’n nglór gránna a chloiseadh sé againn-ne; ag tarrac rudaí chughainn ba sheacht measa ná an cás do bhí orainn féin—an long ar muir go mbíodh na céadta innti, an bannc cloch ins na mianaigh a thuitim ar na daoine go léir—chun misnigh a chur orainn.


Níor ró fhada a rith leis an duine bocht féin. Do bhí bailcairí maithe garsún an uair seo aige agus ba lán-ghairid go mbeadh sé ar a thoil féin dá rithfeadh leo agus ná beadh aon chúram air ach ag cur órdaithe ortha.

Beagán achair tar éis mo thubaist-se do bhuail sé chugham isteach agus gan fios faic agam.

“Do sheol rud éigin anois tu,” arsa mise leis.

“Do sheol an aindire,” ar seisean.

“Cad san?” arsa mise leis, mar b’fhada liom gur labhair sé.

“Tá,” ar seisean, “tráthnóna araer go déanach do bhí