Page:An t-oileanach.djvu/229

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Do bhraitheadar dainnséarach an buachaill agus dubhairt an dochtúir má bhí aon bhlúire de’n gcnámh briste istigh go mbeadh san ag teacht leis do shíor, “ach,” ar seisean, “ní bheidh faic air mara bhfuil san i gceist.”

Ní raibh an lá ró dhíomhaoin againn-ne, agus is sin mar bhíonn ag oileán d’á sórt go deo—annródh do shíor ann am an ghádhtair.

Níor dhein an buachaill lá maoin ná maitheasa as san amach nó gur chuaidh ’on chill.