Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Mada Ruadh Maol

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Mada Ruadh Maol
[ 33 ]

45.—AN MADA RUAḊ MAOL.


Do rugaḋ ar ṁada ruaḋ i n-innil lá, agus d’ ḟág sé a earbal ann. Ḃí sé ansan ag imṫeaċt imeasg a ċóṁarsan gan giob de’n earbal air, agus isé a ḃí go cráiḋte. Ḃíoḋ ceisd agus náire agus ceann fé air nuair ċíoḋ sé an ċuid eile agus na sguaba breáġṫa troma ag tuitim agus ag luasgaḋ laistiar díoḃ, agus a ḋeire féin gan tuínte air, an fear boċt!

Ṫáinig ana ṁisneaċ dó nuair airiġ sé an fógraḋ ó’n ḃfrog úd do leiġisfeaḋ an saoġal, dar leis, aċt nuair a ċonaic sé cad é an saġas an frog do ṫuit an lug ar an lag airís aige.

Fé ḋeire ċuíṁniġ sé ar ṡeift a ċuirfaḋ é, dar leis féin, ó ḃeiṫ ’na ṡampla ṡaoġalta imeasg a ċóṁarsan. Ċuir sé sgéala amaċ gur ṁaiṫ leis a ċóṁarsain go léir do ṫeaċt ċuige ar aon láṫair, i lios áiriġṫe a ḃí i lár coille. Ṫánadar. Ní raiḃ blúire cuinne acu leis an ngnó a ḃí aige ḋíoḃ.

Ṫáinig sé anáirde ar ṫúrtóig a ḃí i lár an leasa agus do laḃair sé leó ar an gcuma so.

“Feuċ!” ar seisean, ”a ṁadraí ruaḋa, tá níḋ ag déanaṁ mearḃaill dom le fada agus measaim náċ ceart dom é ċoimeád níos sia ar m’ aigne gan cur os ḃúr gcóṁair. Is iomḋa contaḃairt agus is iomḋa iomárd a ḃíon os cionn an ṁada ruaiḋ ó ṁaidin go h-oíḋċe agus ó Luan go Saṫaran. Bíon an fiaḋaċ ’na ḋiaig, agus bíon fear na ngéan ’na ḋiaig, agus bíon fear na gcearc ’na ḋiaig, agus is deacair dó dul uaṫa go léir. Ba ḋóiċ liom gur ċeart do na madraíḃ ruaḋa, an ċéad níḋ ’ná a ċéile, an rud is mó ṫaḃarfaḋ congnaṁ ċum beirṫa orṫa é ċaiṫeaṁ uaṫa. Ba ḋóiċ liom gur ṁaiṫ an ċiall dóiḃ é. Ní dóiċ liom go ḃfuil ciall is fearr ’ná é.” Do stad sé agus d’ ḟeuċ sé ’na ṫímpal orṫa. Ní ḟeadradar ó ṫalaṁ an doṁain cad é an fuadar a ḃí féi, nó cad air go raiḃ sé ag teaċt. D’ ḟéuċadar air, agus d’ ḟéuċadar ar a ċéile. Níor laḃair aoinne acu.

“Tá,” ar seisean, ”aḋarca ar an ḃfiaḋ, agus bíoḋ gur congnaṁ cosanta ḋó iad, is fearr ’ná san de ċongnaṁ ċum beirṫa air iad. Tá ualaċ ionta agus tá greiḋm maiṫ le fáġail orṫa. Tá earbal ar an ḃfrancaċ agus má ṫéiḋean leis imṫeaċt ó’n stáca agus a ċeann do ṡáḋ i bpoll, is minic go ḃfanan an t-earbal lasmuiċ de’n ṗoll, agus go mbeirtear air, agus go dtarangṫar an francaċ amaċ as an bpoll agus go mbuailtear buille d’á ceann ar an gcloiċ, rud nár ḃ’ ḟéidir a ḋéanaṁ muna mbéaḋ an t-earbal. Ní’l aḋarc ná earbal ar ġiorḟiaḋ, agus tá a rian air, téiḋean sé as ċoíḋċe do dtí go mbeirtar ar ċaḃail air. Tá sé buailte isteaċ am aigne, agus deirim go [ 34 ]láidir é, gur iomḋa mada ruaḋ maiṫ atá ite ag gaḋaraiḃ le bliaġain, agus do ḃéaḋ anso beó i n-ár measg indiu, muna mbéaḋ an t-earbal. Ḃíoḋ na neiṫe seo ag teaċt am aigne go minic aḃfad sul ar baineaḋ an t-earbal díom fein, aċt ó sgaras leis an ualaċ iseaḋ ṫuigim an sgéal i gceart. Deirim gan aṁras aon ṁada ruaḋ do ḃainfaḋ an t-earbal dé féin gur luas reaṫa ḋó é, gur sgaraṁaint le h-ualaċ dó é, gur ċompórd suiġte ḋó é, gur luiġead ar a ċontaḃairt ó ġaḋaraiḃ é, agus gur ḃ’ ḟaid ar a ṡaoġal é. Is ċuige ṫugas anso siḃ ċum na neiṫe sin do ċur os ḃur gcóṁair. Aon ṁada ruaḋ gur maiṫ leis saoġal fada, saoġal suairc compórdaċ do ḃeiṫ aige ċóṁairleóċainn ḋó an t-ualaċ earbail sin do ḃaint dé féin láiṫreaċ. Is dóṁsa is ceart an ċóṁairle sin do ṫaḃairt uaim ar tá fios dá ṫaoiḃ an sgéil agam ó baineaḋ an t-earbal díom féin. Ní raiḃ a ḟios agam riaṁ i gceart cad a ḃain le compórd ná le h-éasgaċt siúḃail, ná le sástaċt aigne, go dtí gur baineaḋ an t-ualaċ san díom. Ċeapas gur ċeart dom an sgéal d’ ínsint daoíḃse.”

Do stad sé. D’ éiriġ sean ṁada ruaḋ ṫall agus ċuir sé casaċtaċ ḃeag as. D’ḟéuċ sé ’na ṫímpal gur sult ’na ṡúiliḃ. “Is aṁlaiḋ mar atá an sgéal agamsa,” ar seisean. ”Tá an tsean sguab so le fada laistiar orm,” agus d’ḟéuċ sé siar uirṫi, “agus níor ḃain aon ġaḋar oiread agus ruibe fós aisti. Is dóiċ liom gur mór an ḟoiṫin í sa dúḃluaċair. Ba ḋóiċ liom dá mbainfí ḋíom í guraḃ aṁlaiḋ a ḃéaḋ gaċ aoinne ag feuċaint orm a d’ iaraiḋ a ḋéanaṁ amaċ ciacu mada ruaḋ mé nó banaḃ muice. Má ráiníġean, aḃfad uainn an t-olc! trap nó inniol nó fiacal gaḋair ’ġá ḃaint díom, is mór an sásaṁ aigne liom a ḟios do ḃeiṫ agam uaitse go ḃfuil na maiṫasaí úd go léir am ċóir. Go dtí san is dóiċ liom go ndéanfad seift ar ċur suas le n-a h-ualaċ.”

Níor leigeaḋ a ṫuille cainte as, d’ éirig a leiṫéid sin d’ uail ġáiríḋe mór ṫímpal an leasa.

An Múineaḋ.

Má ḃíon dálta an ṁada ruaiḋ ṁaoíl ort ná bí a d’ iaraiḋ daoíne eile ḋéanaṁ ċóṁ dona leat féin. Táid daoíne agus is beag ’ná gur ċuma leó cad é an donas a ḃéaḋ orṫa féin aċt go mbeaḋ donas ċóṁ mór leis ar ḋuine éigin eile. Seaċain iad. Ní maiṫ an ara iad.