Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

33

45.—AN MADA RUAḊ MAOL.


Do rugaḋ ar ṁada ruaḋ i n-innil lá, agus d’ ḟág sé a earbal ann. Ḃí sé ansan ag imṫeaċt imeasg a ċóṁarsan gan giob de’n earbal air, agus isé a ḃí go cráiḋte. Ḃíoḋ ceisd agus náire agus ceann fé air nuair ċíoḋ sé an ċuid eile agus na sguaba breáġṫa troma ag tuitim agus ag luasgaḋ laistiar díoḃ, agus a ḋeire féin gan tuínte air, an fear boċt!

Ṫáinig ana ṁisneaċ dó nuair airiġ sé an fógraḋ ó’n ḃfrog úd do leiġisfeaḋ an saoġal, dar leis, aċt nuair a ċonaic sé cad é an saġas an frog do ṫuit an lug ar an lag airís aige.

Fé ḋeire ċuíṁniġ sé ar ṡeift a ċuirfaḋ é, dar leis féin, ó ḃeiṫ ’na ṡampla ṡaoġalta imeasg a ċóṁarsan. Ċuir sé sgéala amaċ gur ṁaiṫ leis a ċóṁarsain go léir do ṫeaċt ċuige ar aon láṫair, i lios áiriġṫe a ḃí i lár coille. Ṫánadar. Ní raiḃ blúire cuinne acu leis an ngnó a ḃí aige ḋíoḃ.

Ṫáinig sé anáirde ar ṫúrtóig a ḃí i lár an leasa agus do laḃair sé leó ar an gcuma so.

“Feuċ!” ar seisean, ”a ṁadraí ruaḋa, tá níḋ ag déanaṁ mearḃaill dom le fada agus measaim náċ ceart dom é ċoimeád níos sia ar m’ aigne gan cur os ḃúr gcóṁair. Is iomḋa contaḃairt agus is iomḋa iomárd a ḃíon os cionn an ṁada ruaiḋ ó ṁaidin go h-oíḋċe agus ó Luan go Saṫaran. Bíon an fiaḋaċ ’na ḋiaig, agus bíon fear na ngéan ’na ḋiaig, agus bíon fear na gcearc ’na ḋiaig, agus is deacair dó dul uaṫa go léir. Ba ḋóiċ liom gur ċeart do na madraíḃ ruaḋa, an ċéad níḋ ’ná a ċéile, an rud is mó ṫaḃarfaḋ congnaṁ ċum beirṫa orṫa é ċaiṫeaṁ uaṫa. Ba ḋóiċ liom gur ṁaiṫ an ċiall dóiḃ é. Ní dóiċ liom go ḃfuil ciall is fearr ’ná é.” Do stad sé agus d’ ḟeuċ sé ’na ṫímpal orṫa. Ní ḟeadradar ó ṫalaṁ an doṁain cad é an fuadar a ḃí féi, nó cad air go raiḃ sé ag teaċt. D’ ḟéuċadar air, agus d’ ḟéuċadar ar a ċéile. Níor laḃair aoinne acu.

“Tá,” ar seisean, ”aḋarca ar an ḃfiaḋ, agus bíoḋ gur congnaṁ cosanta ḋó iad, is fearr ’ná san de ċongnaṁ ċum beirṫa air iad. Tá ualaċ ionta agus tá greiḋm maiṫ le fáġail orṫa. Tá earbal ar an ḃfrancaċ agus má ṫéiḋean leis imṫeaċt ó’n stáca agus a ċeann do ṡáḋ i bpoll, is minic go ḃfanan an t-earbal lasmuiċ de’n ṗoll, agus go mbeirtear air, agus go dtarangṫar an francaċ amaċ as an bpoll agus go mbuailtear buille d’á ceann ar an gcloiċ, rud nár ḃ’ ḟéidir a ḋéanaṁ muna mbéaḋ an t-earbal. Ní’l aḋarc ná earbal ar ġiorḟiaḋ, agus tá a rian air, téiḋean sé as ċoíḋċe do dtí go mbeirtar ar ċaḃail air. Tá sé buailte isteaċ am aigne, agus deirim go