Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

34

láidir é, gur iomḋa mada ruaḋ maiṫ atá ite ag gaḋaraiḃ le bliaġain, agus do ḃéaḋ anso beó i n-ár measg indiu, muna mbéaḋ an t-earbal. Ḃíoḋ na neiṫe seo ag teaċt am aigne go minic aḃfad sul ar baineaḋ an t-earbal díom fein, aċt ó sgaras leis an ualaċ iseaḋ ṫuigim an sgéal i gceart. Deirim gan aṁras aon ṁada ruaḋ do ḃainfaḋ an t-earbal dé féin gur luas reaṫa ḋó é, gur sgaraṁaint le h-ualaċ dó é, gur ċompórd suiġte ḋó é, gur luiġead ar a ċontaḃairt ó ġaḋaraiḃ é, agus gur ḃ’ ḟaid ar a ṡaoġal é. Is ċuige ṫugas anso siḃ ċum na neiṫe sin do ċur os ḃur gcóṁair. Aon ṁada ruaḋ gur maiṫ leis saoġal fada, saoġal suairc compórdaċ do ḃeiṫ aige ċóṁairleóċainn ḋó an t-ualaċ earbail sin do ḃaint dé féin láiṫreaċ. Is dóṁsa is ceart an ċóṁairle sin do ṫaḃairt uaim ar tá fios dá ṫaoiḃ an sgéil agam ó baineaḋ an t-earbal díom féin. Ní raiḃ a ḟios agam riaṁ i gceart cad a ḃain le compórd ná le h-éasgaċt siúḃail, ná le sástaċt aigne, go dtí gur baineaḋ an t-ualaċ san díom. Ċeapas gur ċeart dom an sgéal d’ ínsint daoíḃse.”

Do stad sé. D’ éiriġ sean ṁada ruaḋ ṫall agus ċuir sé casaċtaċ ḃeag as. D’ḟéuċ sé ’na ṫímpal gur sult ’na ṡúiliḃ. “Is aṁlaiḋ mar atá an sgéal agamsa,” ar seisean. ”Tá an tsean sguab so le fada laistiar orm,” agus d’ḟéuċ sé siar uirṫi, “agus níor ḃain aon ġaḋar oiread agus ruibe fós aisti. Is dóiċ liom gur mór an ḟoiṫin í sa dúḃluaċair. Ba ḋóiċ liom dá mbainfí ḋíom í guraḃ aṁlaiḋ a ḃéaḋ gaċ aoinne ag feuċaint orm a d’ iaraiḋ a ḋéanaṁ amaċ ciacu mada ruaḋ mé nó banaḃ muice. Má ráiníġean, aḃfad uainn an t-olc! trap nó inniol nó fiacal gaḋair ’ġá ḃaint díom, is mór an sásaṁ aigne liom a ḟios do ḃeiṫ agam uaitse go ḃfuil na maiṫasaí úd go léir am ċóir. Go dtí san is dóiċ liom go ndéanfad seift ar ċur suas le n-a h-ualaċ.”

Níor leigeaḋ a ṫuille cainte as, d’ éirig a leiṫéid sin d’ uail ġáiríḋe mór ṫímpal an leasa.

An Múineaḋ.

Má ḃíon dálta an ṁada ruaiḋ ṁaoíl ort ná bí a d’ iaraiḋ daoíne eile ḋéanaṁ ċóṁ dona leat féin. Táid daoíne agus is beag ’ná gur ċuma leó cad é an donas a ḃéaḋ orṫa féin aċt go mbeaḋ donas ċóṁ mór leis ar ḋuine éigin eile. Seaċain iad. Ní maiṫ an ara iad.