Aesop a tháinig go h-Éirinn/Cogar an Bheithir

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
Cogar an Bheithir
[ 32 ]

44.—COGAR AN ḂEIṪIR.


Ḃí beirt ḟear ag siúḃal tré ċoíll uaigneaċ. Ḃí a ḟios acu go raiḃ droċ ainṁiġṫe móra ann. Ḋeineadar margaḋ le n-a ċéile go gcosnóċaidís a ċéile dá dtiġeaḋ aon tóir orṫa.

Ba ġearr gur siúd beiṫir ċúċa amaċ a’ tiuġ na gcrann. Ḃí duine acu éadtrom luṫṁar agus d’imṫig sé suas crann mar ḋéanfaḋ cat. Ḃí a ḟios ag an ḃfear eile ná féadfaḋ sé an beiṫir do ṫroid i n-a aonar. Isé rud a ḋéin sé ’ná é féin do ċaiṫeaṁ ar an dtalaṁ agus a anál do ċoimeád, mar ’ḋ eaḋ gur ċorpán é. Ḃí a ḟios aige ná h-íosfaḋ an beiṫir aċt an rud a ṁarḃóċaḋ sé féin. Ṫáinig an beiṫir i n-a aice. Ċuir sé a ṡrón ċum a ċluaise agus ċum a ḃéil. Ċoimeád an duine a anál mar ḃí a anam air. Ċeap an beiṫir go raiḃ sé marḃ dáiríriḃ, agus d’ imṫig sé.

Nuair ḃí an beiṫir imiġṫe ṫáinig fear an ċrainn anuas. Ḃí sé ag mion-ġáiríḋe agus ag magaḋ.

“Cad a ḃí ag an ḃfear mór úd d’á ráḋ leat?” ar seisean. “Ba ṁór an seó an ċogarnaċ a ḃí ar siúḃal agaiḃ. Ċonac a ṡrón buailte suas le d’ ċluais.”

“Ḃí,” arsan fear eile, ”cogarnaċ eadrainn. Dúḃairt sé liom an ḟaid a ṁairfinn airís gan iontaoíḃ do ṫaḃairt a’ fear meaṫta, do ġeallfaḋ an fód do ṡeasaṁ agus ansan do ruiṫfaḋ ċóṁ luaṫ agus ċíḋfaḋ sé an tóir ag teaċt.”

An Múineaḋ.

Ná géill do ċaint aon duine go ḃfeicir a ġníoṁ.