Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Machtíre agus an t-Uan agus an Gabhar

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Machtíre agus an t-Uan agus an Gabhar
[ 14 ]

16.—AN MAĊTÍRE AGUS AN T-UAN AGUS AN GAḂAR.


Ṫáinig maċtíre lá ar gaḃar, agus uan ’ġá deól. “Tá dearṁad ort, a uainín,” arsan maċtíre. “Ní h-é an gaḃar san do ṁáṫair. Siní ṫall í, feuċ, ameasg na gcaoraċ.”

“Ní ḟeadar, i ndoṁnaċ!” arsan t-uan. “B’ ḟéidir gur ḃ‘ iúd í ṫall mo ṁáṫair, aċt ní h-í ṫóg mé. Ní h-í ċoṫuig mé. Sidí anso an ṁáṫair do ċoimeád am ḃeaṫaiḋ mé agus is dí a leanfad anois.”

An Múineaḋ.

Má ḟágan tú do leanḃ le h-oileaṁaint ag duine iasaċta ní ḃeiḋ agat ar ball aċt leanḃ iasaċta.