Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Machtíre i gCroicean na Caorach

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Machtíre i gCroicean na Caorach
[ 13 ]

15.—AN MAĊTÍRE I GCROICEAN NA CAORAĊ.


Ċuir maċtíre croicean caoraċ uime, agus d’ imṫig sé ameasg na gcaoraċ, agus ḃíoḋ sé ’ġá marḃaḋ agus ’ġá n-iṫe a gan ḟios. Fé ḋeire ṫug an t-aoḋre fé ndeara é. Ní túisge ṫug ’ná rug sé air agus ċuir sé téad fé n-a ṁuineál agus ċroċ sé a’ géig craínn é.

Ṫáinig na h-aoḋrí eile agus ċonacadar, dar leó, an ċaora ar croċaḋ. “Aililiú!” ar siad, “Cad dob áil leat ag croċaḋ na gcaoraċ?”

“Ní caora atá ann,” ar seisean. Agus do ḃain sé croicean na caoraċ de ċeann an ṁaċtíre. “Siné agaiḃ é!” ar seisean. "An biṫeaṁnaċ!"

An Múineaḋ.

“Ná taḃair do ḃreiṫ ar an gcéad sgéal go mbeiriḋ an dara sgéal ort.”

B’ḟéidir go mbéaḋ croicean caoraċ ar rud agus nár ċaora é ’na ṫaoḃ san.

Sul a dtugair do ḃreiṫ feuċ laistig de’n ċroicean.