Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

13

béarfad liom anonn tar farge í, agus díolfad í ṫall ar a ḋá oiread agus ċosnóċaiḋ sí anso. Ansan is gearr go mbeiḋ airgead mo ḋóiṫin agam, oiread agus ná béaḋ go deó agam de ḃár na gcaoraċ so.” Do ḋéin sé mar sin. Ní raiḃ sé aċt lá nó ḋó ar an ḃfarge nuair ’eirig stoirm agus ḃí an long i roċtaiḃ a báiṫte. Ċum na loinge do ċoimeád ar bár uisge b’ éigean do’n ḟuirean loinge gaċ a raiḃ d’ualaċ acu do ċaiṫeaṁ amaċ fé’n bpoll. Do caiṫeaḋ an ṁil amaċ i dteanta na cod’ eile.

Ṫáinig an long saor. D’iompuig an t-aoḋre airís ar an aoḋreaċt. Dob ḟada go raiḃ tréad maiṫ caoraċ airís aige, aċt do ráinig go raiḃ i gcionn aimsire. Do ṫárla mar an gcéadna go raiḃ sé lá breáġ eile saṁraiḋ ag aoḋreaċt i n-aice na farge.

Má ba ḃreáġ ḟeuċ sí an ċéad uair ba ḋá ḃreáġṫa ’ná san ḟeuċ sí an dara h-uair. D’ḟeuċ sé uirṫi go dlúṫ ar feaḋ tamail. Ansan do laḃair sé. “Tuigim ṫú!” ar seisean. “Tuille meala atá uait!”

An Múineaḋ.

“Breiṫniġ an aḃa sul a dtéiḋir ’na cuiliṫ.”



15.—AN MAĊTÍRE I GCROICEAN NA CAORAĊ.


Ċuir maċtíre croicean caoraċ uime, agus d’ imṫig sé ameasg na gcaoraċ, agus ḃíoḋ sé ’ġá marḃaḋ agus ’ġá n-iṫe a gan ḟios. Fé ḋeire ṫug an t-aoḋre fé ndeara é. Ní túisge ṫug ’ná rug sé air agus ċuir sé téad fé n-a ṁuineál agus ċroċ sé a’ géig craínn é.

Ṫáinig na h-aoḋrí eile agus ċonacadar, dar leó, an ċaora ar croċaḋ. “Aililiú!” ar siad, “Cad dob áil leat ag croċaḋ na gcaoraċ?”

“Ní caora atá ann,” ar seisean. Agus do ḃain sé croicean na caoraċ de ċeann an ṁaċtíre. “Siné agaiḃ é!” ar seisean. "An biṫeaṁnaċ!"

An Múineaḋ.

“Ná taḃair do ḃreiṫ ar an gcéad sgéal go mbeiriḋ an dara sgéal ort.”

B’ḟéidir go mbéaḋ croicean caoraċ ar rud agus nár ċaora é ’na ṫaoḃ san.

Sul a dtugair do ḃreiṫ feuċ laistig de’n ċroicean.