Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Luch Tuatha agus Luch an Bhaile Mhóir

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Luch Tuatha agus Luch an Bhaile Mhóir
[ 14 ]

17.—AN LUĊ TUAṪA AGUS LUĊ AN ḂAILE ṀÓIR.


Ṫug luċ na tuaṫa cuireaḋ ċum féasta do luċ an ḃaile ṁóir oíḋċe. Ḃí sean aiṫne acu ar a ċéile. Ċuir luċ na tuaṫa os cóṁair a ċaraid sóḋluistí móra, dar leis. Ḃí blúire de ḃrioscóid aige a déineaḋ de’n ṗlúr ba ṁíne agus ba ġile; blúire de ṡean ḃagún; gráinne mine coirce a ḃí go cúṁrṫa agus go deiġḃlasta; blúire nua-ċáise; agus smut d’aḃal ḋeas, aibig, ṁilis. Níor iṫ sé féin aon ṗioc de’n ḃia le h-eagla ná béaḋ a ndóiṫin araon ann. Aċt ċum a leigint air go raiḃ sé ag iṫe d’aimsiġ sé dias cruiṫneaċtan agus ḃí sé ’ġá piocaḋ.

Ní raiḃ i luċ na tuaṫa aċt cábóigín. Duine uasal dob eaḋ luċ na caṫraċ. Agus do laḃair sé. “Feuċ!” ar seisean, “a ḋuine ṁuíntearṫa, ná tóg orm é má ḋéinim dánaíḋeaċt ort. Measaim gur mór go léir an díṫ céille ḋuit ḃeiṫ ag caiṫeaṁ do ṡaoġail sa n-áit seo, gan d’ inead cóṁnuiġṫe agat aċt poillín cúṁang uaigneaċ, gan ad ṫímpal aċt móinteáin agus cnuic agus sruṫáin, gan de ċóṁluadar agat aċt ḃeiṫ ag éisteaċt le guṫ na n-eun. Ba ḋóiċ liom gur ḃ’ḟearr tig breáġ mór sa ċaṫair mar a mbeiḋfá ag éisteaċt le cóṁráḋ uasal, agus mar a ḃfeicfá uaisleaċt agus órnáid agus breáġṫaċt an tsaoġail. Téanam ort, a ḋuine, láiṫreaċ bonn! M’ ḟocal duit ná beiḋ caṫúġaḋ ’na ṫaoḃ ort. Cad é an tairḃe do ḋuine a ṡaoġal muna mbeiḋ sult nó sásaṁ nó aoíḃneas éigin aige as! Ní foláir do ḃeirt againn a adṁáil go ḃfuil stráice maiṫ d’ár saoġal caiṫte againn. Táimíd anso indiu. Ní fios cá mbeiḋmíd amáraċ. Bíoḋ pléisiúr an tsaoġail againn an ḟaid atá an ċaoi againn air. Téanam ort!”

D’ imṫiġdar. D’ éaluíġdar isteaċ sa ċaṫair le doirċeaċt na h-oiḋċe. Ḃí eólus na slíġe go maiṫ ag luċ na caṫraċ. Ċuadar isteaċ i dtig ṁór ḃreáġ ċumasaċ. Ṫárla go raiḃ [ 15 ]dínnéar mór agus cuideaċta uasal sa tig i dtusaċ na h-oiḋċe. Ḃí bia briste ar an úrlár, oiread agus ná h-íosfad fiċe luċ. Do cuireaḋ an luċ tuaṫa ar lár an úrláir, ar ḃrat úrláir gur ḋóiċ le duine gur ṁór an peacaḋ seasaṁ air. Do cuireaḋ os a ċóṁair sóḋluistí nár ṡóḋluistí go dtí iad, bia uasal buacaċ nár ḃlais sé a leiṫéid riaṁ agus náċ lúġa ’ná ṁeas sé go raiḃ a leiṫéid déanta. Isé a ḃí ar a ṡástaċt. “Náċ truaġ,” ar seisean i n-a aigne féin, “ná tánag anso fadó!”

Is ar éigin a ḃí an maċtnaṁ san déanta aige nuair a h-osglaḋ an dorus agus ṫáinig daoíne isteaċ. Do sgiúrd na luċaig anonn ’s anall fé’n dtriosgán. Ḃí i n-aonḟeaċt leis na daoíne piarda de ġaḋar ṁór ṁiċuíḃsaċ, maistín grána colgaċ agus é ag léimrig ar fuaid an úrláir, agus go gcriṫidís fallaí an tíġe le gaċ olḃúir de ġlam d’á gcuireaḋ sé as. Ḃí an luċ boċt iasaċta i dteanta. Do stadaḋ a anál, agus ba ḃeag ná go dtuiteaḋ an t-anam as, i n-aġaiḋ gaċ ulfairte d’á gcuireaḋ an gaḋar mór as.

I gcionn tamail d’imṫig na daoíne amaċ agus d’imṫiġ an gaḋar mór i n-aonḟeaċt leo, agus do dúnaḋ an dorus.

Ansan do laḃair luċ na tuaṫa le n-a ċaraid. “Má sé seo saoġal atá agatsa anso,” ar seisean, “ní beag liomsa ḋé!” D’éaluiġ sé amaċ agus d’éaluiġ sé aḃaile, agus ba ṁaiṫ an t-é ḟéadfaḋ é ṁeallaḋ i dtreó na caṫraċ airís. Nuair ḃuailidís na luċaig a ḃí sa ċóṁarsanaċt uime ó am go h-am agus nuair ḟiafraiġdís dé cad é an saġas áite an baile mór ní ḟéadaidís a ḟáġail as ċoíḋċe aċt—“Ní caṫair mar a ṫuairisg é!”

An Múineaḋ.

Seaċain aér an tsaoġail. Seaċain an uaisleaċt nár ṫaiṫíġis. “Ní caṫair mar a tuairisg í.”

“Is buan fear ’n-a ḋúṫaiġ.”