Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Fhiolar agus an Mada Ruadh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Fhiolar agus an Mada Ruadh
[ 15 ]

18.—AN ḞIOLAR AGUS AN MADA RUAḊ.


Ḃí fiolar ag soláṫar d’á h-ál maidion. Do ċonaic sí ag bruaċ pluaise, ’ġá ġrianaḋ féin, coileán an ṁada ruaiḋ. Do ṫúirling sí air agus do sgiob sí ċum siuḃail é ’n-a ḋá croḃ. Ċonaic máṫair an ċoileáin í ag imṫeaċt agus an coileán aici. “Ó!” ar sise, “ar ġráḋ ṫ’oinig, a eun uasal, ná beir uaim mo ċoileán breáġ beaṫuiġṫe ruaḋ, agus gan agam aċt é!” Níor ṫug an ḟiolar aon toraḋ uirṫi. Ḃí daoíne i gcóṁgar na h-áite agus altóir déanta acu, agus ḃí teine acu ar an altóir ċum íḋbirte. D’imṫig an mada ruaḋ agus do sgiob sí de’n altóir [ 16 ]smailín aḋmaid agus é ar lasaḋ, agus siúd anonn í go dtí an crann daraiġe ’na raiḃ nead an ḟiolair ṫuas ann. Ḃí cruinniúġaḋ mór de ḋuileaḃar ḟeóċta agus do ḃrosna agus de ċipineaċ ag bun an ċrainn. Nuair ċonaic an ḟiolar an mada ruaḋ ag teaċt agus an teine aici, ṫáinig sgannraḋ uirṫi sul a loisgfí a nead agus a h-ál. “Ó! stad, stad,” ar sise. ”Ġeaḃair do ċoileán.” Ṫug sí léi anuas an coileán láiṫreaċ agus ċuir sí uaiṫi é, slán foláin, ag bruaċ na pluaise, mar a ḃfuair sí é.

An Múineaḋ.

Ná déin an éugcóir. Dá ṡuaraíġe é an t-é go ndéanfair an éugcóir agus an láṁláidir air, beiḋ sé suas leat ar ċuma éigin, luaṫ nó mall, agus ní tu is fearr a ṫiocfaiḋ as.