Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Frog agus an Luch

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Frog agus an Luch
[ 16 ]

19.—AN FROG AGUS AN LUĊ.


Ḃí imreasán mór tráṫ idir an ḃfrog agus an luċ, feuċaint ciacu go mbéaḋ an túrtóg aige. Ḃí an frog ró láidir do’n luiċ agus is minic a ṫagaḋ sé uirṫi de léim agus do dtugaḋ sé folṫaċtaḋ ḋí. Aċt ḃí an luiċín glic aicilliġe, agus is minic a ṫagaḋ sí laistiar de’n ḃfrog agus ná h-airíġeaḋ sé í go mbaineaḋ sí droċ ṁiotóg as, a ċuireaḋ ag sgreadaig é.

Fé ḋeire ċeapadar lá ċum an sgéil do ṫroid amaċ ar ġálaiḃ aonair.

Ṫáinig an dá ġaisgíḋeaċ ar an láṫair caṫa agus isé arm a ḃí ag gaċ gaisgíḋeaċ acu ’ná broḃ maiṫ láidir luaċra agus bior air. Do ṫroideadar go calma cróġa ar feaḋ tamail agus ba ṁaiṫ ċuige iad. Aċt le méid a ḃfuaṫ d’á ċéile agus le méid a ngúḃa do’n ċóṁrac níor ṫugadar fé ndeara an seaḃac. Aċt do ċonaic seisean iadsan. Do ṡleaṁnuig sé anuas orṫa agus do sguab sé ċum siúḃail iad, an luċ i gcroḃ leis agus an frog sa ċroḃ eile.

An Múineaḋ.

Cogaḋ carad caoí naṁad.

“Ní ḃíon an raṫ aċt mar a mbíon an smaċt.” An ċéad smaċt ’na aċéile smaċt ar ḋuine féin. An ṁuíntir ná cuirfiḋ smaċt ar a mioscais féin, ní ḃeiḋ ċoíḋċe aċt ag bruiġean agus ag clampar agus ag troid, ag iṫe a ċéile agus ag stolaḋ a ċéile, agus na cóṁarsain ag magaḋ fúṫa, go dtí fé ḋeire go dtagan a naṁaid aicionta agus go gcuirean sé a ṁalairt de ċúram orṫa.

Is usa do ḋuine é féin ’ġá smaċtúġaḋ féin ’ná a naṁaid ’ġá smaċtúġaḋ.