Tír na n-Iongantas/An Ceangal

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
An Ceangal
[ 91 ]

AN CEANGAL

Níl mórán eile le ráḋ agam aċt gur ċeannaiġ bean an Ċaiptín Ṁongaiġ teaċ maiṫ agus céad acra talṁar i n-aice an ḃaile ṁóir, aċt b’éigin di géilleaḋ do ḃéasaiḃ na Gailliṁe agus culaiṫ mná a ċaiṫeaḋ arís. Níor ṫaiṫniġ an feisteas sin léiṫi agus na bliaḋanta ċaiṫ sí n-a fear ar bórd na Brídeóige, agus ġaḃaḋ mí-ṡastaċt í go minic agus d’imṫiġeaḋ sí léiṫi ar fud na tíre. Ní raiḃ a ḟios cá gcaiṫeaḋ sí an aimsir nuair d’imṫiġeaḋ sí mar sin, aċt is minic ḃíoḋ sí ḋá ráiṫe ó ḃaile gan tásg gan tuairisg uirṫi. Tá sí curṫa san [ 92 ]tSeanċill agus leaċt os a cionn. Ag seo na focla atá geárrṫa sa lic:—

Máire Ní Ḟlaiṫḃeartaiġ

a fuair bás

an 3aḋ lá de Luġnasa 1888

agus a fear

Miċeál Ó Riain

Caiptín Mara

a Fuair Bás tar Lear.

R.I.P.

Ní ró-ḟada ḃí Máire Ḃán agus an Búrla sa mbaile go dtáinig a gcainnt dúṫcais ar ais ċuca, aċt uaire- anta nuair laḃarṫá leis a mBúrla cuirfiḋe uaṫḃas ort nuair ċluinṫeá glam leoṁain uaiḋ nó sgréaċ uḃlaċáin, nó glór ainṁiḋe nó éin éigin eile. An té tógaḋ go maiṫ, ní leigfeaḋ sé air go gcuala sé an sgréaċ, agus nuair naċ leigfeaḋ ṫigeaḋ, a ċainnt féin ar ais do’n Ḃúrla.

Is iomḋa sgéal agus sgéal sgéil bíoḋ ag gaḃail timċeall faoi Ṁáire freisin. Uaireannta ṫéiḋeaḋ sí amaċ faoi na sléiḃte, agus faoi na coillte agus ís iongantaċ an méad ḃíoḋ le ráḋ ag daoine faoi na cleasa ċleaċtuiġeaḋ sí ann, aċt ó’s rud é naċ raiḃ aon uġdar maiṫ leis na sgéaltaiḃ sin ní abróċad tada n-a dtaoḃ annseo.

Ṗós sí fear fiúntaċ ó Ċonndae Ṁuiġeó (fear muinn- tearḋa ḋom féin) agus ṫóg sí muirġín ṁór ḋó, aċt fríoṫaḋ marḃ í cúpla bliaḋain ó ṡoin san gcoill ḃig sin atá i n-aice leis an Mám, agus níor ḟéad doċtúir na liaġ ḋéanaṁ amaċ céard d’eiriġ ḋi.

Maidir leis an gcócaire ċaill a ṡrón, d’eiriġ sé diaḋanta i ndeireaḋ a ṡaoġail agus ċuaiḋ sé isteaċ i mainistir tá sé n-a ḃraṫair ann fós, marar cailleaḋ le goirid é.

[ 93 ]Tá an Búrla beó fós. I gcaṫair na Gailliṁe ċaiṫ sé an ċuid is mó dá ṡaoġal, é féin agus an sean-leoṁan Deaideó tugaḋ aḃaile ar bórd na Brídeóige. Uair- eannta cuireaḋ sé sgannraḋ ar ṗáisdiḃ na sgoile, nuair sgaoileaḋ sé Deaideó, agus leigint dó é leanaṁaint ar nós gaḋair. Aċt níor, gaḃaḋ dóiḃ an sgannraḋ. Ḃí Deaideó gan fiacal gan iongna gan súil, gan fonn troda. Ḃí Deaideó agus an Búrla anṁór le ċéile go ḃfuair an leoṁan bás leis an sean- aois.

Mara dtáinig aoirde san mBúrla, ṫáinig toirt agus neart millteaċ ann. Tá sé ós cionn leiṫċéad bliaḋan anois, aċt deiċ mbliaḋna nó ḋá ḃliaḋain déag ó ṡoin, ní raiḃ aon ḟear i nGailliṁ ċoṁ cumasaċ leis. Ḃíoḋ geócaċ ar a dtugtaí an Fear Beag Buiḋe mar leas- ainm air, agus nuair nár ḟéad sé an seanleoṁan ċeannaċt le cur n-a ṫasbántas, ṡíl sé é ġoid. Aċt is dóċa naċ raiḃ sé an-ċlisde leis an ngadaiḋeaċt, mar ṫáinig an Búrla air, agus ċaiṫ an gadaíḋe mí ṁór ḟada san ospuidéal....

Níl lá san mbliaḋain naċ ḃfeadṫá an Búrla ḟeiceál ar an mBalla Fada i nGailliṁ agus an siuḃal b’aistiġe dar facṫas ariaṁ faoi; tá sé an-laġaċ le daoine, agus má ḃíonn an aimsir breáġ, agus gan na sgoilteaċa ḃeiṫ go ró-ḋona air d’innseóċaḋ sé a lán duit naċ ḃfuil innsiġṫe agamsa.... aċt cogar: ná taḃair an Búrla air, ar a ḃfaca tú ariaṁ, agus ná leig do’n ḟocal sin moncaiġ éaluġaḋ uait.

A ĊRÍOĊ.