Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

93

Tá an Búrla beó fós. I gcaṫair na Gailliṁe ċaiṫ sé an ċuid is mó dá ṡaoġal, é féin agus an sean-leoṁan Deaideó tugaḋ aḃaile ar bórd na Brídeóige. Uair- eannta cuireaḋ sé sgannraḋ ar ṗáisdiḃ na sgoile, nuair sgaoileaḋ sé Deaideó, agus leigint dó é leanaṁaint ar nós gaḋair. Aċt níor, gaḃaḋ dóiḃ an sgannraḋ. Ḃí Deaideó gan fiacal gan iongna gan súil, gan fonn troda. Ḃí Deaideó agus an Búrla anṁór le ċéile go ḃfuair an leoṁan bás leis an sean- aois.

Mara dtáinig aoirde san mBúrla, ṫáinig toirt agus neart millteaċ ann. Tá sé ós cionn leiṫċéad bliaḋan anois, aċt deiċ mbliaḋna nó ḋá ḃliaḋain déag ó ṡoin, ní raiḃ aon ḟear i nGailliṁ ċoṁ cumasaċ leis. Ḃíoḋ geócaċ ar a dtugtaí an Fear Beag Buiḋe mar leas- ainm air, agus nuair nár ḟéad sé an seanleoṁan ċeannaċt le cur n-a ṫasbántas, ṡíl sé é ġoid. Aċt is dóċa naċ raiḃ sé an-ċlisde leis an ngadaiḋeaċt, mar ṫáinig an Búrla air, agus ċaiṫ an gadaíḋe mí ṁór ḟada san ospuidéal....

Níl lá san mbliaḋain naċ ḃfeadṫá an Búrla ḟeiceál ar an mBalla Fada i nGailliṁ agus an siuḃal b’aistiġe dar facṫas ariaṁ faoi; tá sé an-laġaċ le daoine, agus má ḃíonn an aimsir breáġ, agus gan na sgoilteaċa ḃeiṫ go ró-ḋona air d’innseóċaḋ sé a lán duit naċ ḃfuil innsiġṫe agamsa.... aċt cogar: ná taḃair an Búrla air, ar a ḃfaca tú ariaṁ, agus ná leig do’n ḟocal sin moncaiġ éaluġaḋ uait.

A ĊRÍOĊ.