VIII.
Ḃí imniḋe ṁór ar an gCaiptín Mongaċ. Ṫiuḃrad an té ba ḋaille sa saoġal faoi deara go raiḃ. Ḃí uisge- faoi-ṫalaṁ dá ḋéanaṁ ag Satan, agus nuair d’ordui- ġeaḋ sé féin do ṁairnéalaċ a leiṫéid séo nó a leiṫéid [ 15 ]siúd a ḋéanaṁ, ní ḋéanfaiḋe é aċt go doiċeallaċ Laḃair sé leis an gcéad-ṁáta, agus leis an siúinéara, agus le giolla na luinge, mar ḃí sé cinnte naċ mbeaḋ fear eile ar bórd na luinge dílis ḋó dá dtosnóċaiḋe ar ṫroid a ḋéanaṁ. An méid airm teine agus faoḃair a ḃí aige, roinn sé ar an triúr sin iad. Ċoinniġ sé féin ḋá ṗiostal agus sean-ġuna naċ raiḃ mórán maiṫeasa leis, agus ṫug sé piostal dá ṁnaoi le troid a ḋéanaṁ freisin.
Ar ḋroiċead na luinge is mó ċaiṫeaḋ sé an aimsir. D’ḟeicfiḋe annsin é d’oiḋċe agus de ló. Ṫagaḋ a ḃean ċuige ó am go ham, agus beireaḋ sí biaḋ ḋó. Ṫagaḋ an máta agus sgéala na luinge aige. Ag dul i ndonaċt a ḃí an ḟuireann. Ḃí an Caiptín Mongaċ cinnte go n-ionnsóċaidís é féin agus an máta dá gceapfaidís go n-eireóċaḋ leo.
Ḃíoḋ sé annsuḋ ar an droiċead agus an roṫa stiúrṫa i ngreim aige, agus súil aige go ḃfeicfeaḋ sé long éigin ar a ċúrsa.
Ḃíodar na mílte mílte ó Éirinn faoi ’n am seo: agus iad ag gluaiseaċt ó ḋeas faoi reaċt seóil. Tagaḋ Máre Ḃán ċuige ar an droiċead go minic, agus dá ċráiḋte dá raib sé ċuireaḋ sé ’n-a suiḋe ar ḃosga le n-a ṫaoḃ í, agus ḃíoḋ ag cainnt léiṫi go bladaraċ. Níor ċeap sí ariaṁ go ḃféadfaḋ aṫair ḃeiṫ ċoṁ láġaċ cineálta sin. Níor ċeap sí ariaṁ go ḃféadfaḋ aṫair ḃeiṫ n-a sgéalaiḋe ċoṁ maiṫ sin. Do hinsiġeaḋ sé sgéalta siḋe ḋi do ṡáruiġ na sgéalta ḃí aca sna leaḃ- raiḃ sgoile. Aċt nuair a ṫagaḋ an máta, agus nuair a ḃíoḋ cóṁraḋ aca le ċéile ní innseóċaḋ sé a ṫuilleaḋ sgéalta ḋi, agus do ṫagaḋ gruaim air agus cuireaḋ sé iallaċ uirṫi imṫeaċt.
Annsin do ṫiocaḋ cnapa móra ar ṁalaiḃ an Ċaiptín, agus is beag naċ mbuailfiḋe a smig agus a ṡrón ḟada i n-aġaiḋ a ċéile.
An tríoṁaḋ lá déag ar ḟiċid ṫar éis Dug na Gailliṁe fágail dóiḃ, ċiúiniġ an ġaoṫ. Ṫuit na seólta breaġa bána leis na crannaiḃ. Ní raiḃ smeaṫaṁ as aér. Ḃí [ 16 ]an ḟairrge n-a dtimċeall agus í ċoṁ mín coṁ tram le clár áḋmaid. An t-éan mara ḃeaḋ ag eiteall sa spéir d’ḟeicfiḋe a sgáil síos uait sa ḃfairrge. Ní raiḃ néal sa spéir aċt an ġrian ṁór ḃuiḋe ag spallaḋ anuas orṫa ó ṁoċ na maidne go faoiḋean....
D’imṫiġ seaċṫṁain D’eiriġeaḋ an ġrian. Ḃíoḋ sí ag sgoilteaḋ na gclár orṫa i riṫ an lae. Ṫéiġeaḋ sí faoi. Ṫagaḋ na réaltóga amaċ agus d’ḟeicfiḋe ag lonnraḋ agus ag daṁsa i ndoiṁneaċt na fairrge ciúine iad. Ċeapṫá naċ mbeaḋ ort aċt láṁ a ṡáiṫ amaċ uait san uisge, agus go ḃféadṫá breiṫ ar ċéad díḃ. Aċt i gcaiṫeaṁ na seaċtṁaine níor facṫas néal sa spéir agus níor moṫuiġeaḋ puṫ gaoiṫe ó aon áird....
Ḃí na seólta breáġa bána n-a gcirteaċaiḃ timċeall ar na crannaiḃ Ṫáinig éan mór lá, agus ṫuirling sé ar ċúinne de’n tseól mór tosaiġ. Ċuaiḋ a ḋá ċois ṫríd ḃí sé ċoṁ loḃṫa sin. Agus na sgoilteaċa ḃí le feiceál i n-áḋmuid na luinge! Nuair a caiṫtí soiṫeaċ de’n sáíle orṫa, i gceann cúig noiméad ḃeaḋ sé triom- aiġṫe agus brat ḃán salainn fágṫa ’n-a ḋiaiḋ.
Ṫosaiġ an biaḋ ag eirġe gann. An fíoruisge ḃi aca ḃí sé beagnaċ caiṫte. B’éigin do’n Ċaiptín gan aċt pionta an duine a roinnt ar na fearaiḃ gaċ lá. Maraċ an drúċt a ḃíoḋ ann san oiḋċe, do caillfiḋe iad leis an tart. Gaċ maidin d’ḟeicfiḋe na fir ġá ḋiúl is ġá lapáil suas le n-a teangaiḃ bána tirme.
An dara lá deag is ḋá ḟiċid ṫar éis ḃeiṫ ar muir ḋóiḃ, do ṫaċt Satan an cat duḃ agus d’ól a ċuid fola
Mara dtiocfaḋ múr baisdiġe, nó mara gcasfaiḋe soiṫeaċ gaile éigin leó ní ḃéaḋ i ndán dóiḃ uile aċt an bás.
An lá ar ṁarḃ Satan an cat duḃ ṫug an Caiptin Mongaċ faoi deara cúpla slam d’ḟeamainn ġlais ag snáṁ ar an ḃfairrge, Rinne sé coṁarṫa na croise ar a éadan. Ḃí ḟios aige go raiḃ an Ḃrídeóg ag dul le sruṫ, agus naċ ró-ḟada an t-aċar go mbeidís istiġ i lár na mara ar a dtugtar an Saragósaċ, agus go mbeaḋ sé ċoṁ maiṫ dóiḃ ḃeiṫ ag iarraiḋ long a ṡeólaḋ [ 17 ]i moinḟear ’s ḃeiṫ ag iarraiḋ í ṡeólaḋ ar an muir sin leis an méad feamainne ḃí ann.
Seaċtṁain ḋóiḃ ar an muir sin. Ċeapaḋ duine gur i lár páirce ḃeaḋ sé, ḃí an ḟairrge ċoṁ glas sin. I gceann na seaċtṁaine ḃain mairnéalaċ an tsrón de’n ċócaire le deoċ dá ċuid fola d’ḟaġáil, agus d’imṫig leis ar fud na luinge n-a ġeilt.
Aċt ḃí an Ḃrideóg ag dul le sruṫ ar feaḋ an aċair, agus an t-oċtṁaḋ lá déag agus dá ḟiċid dóiḃ ar ṁuir d’ḟágadar an Saragosaċ n-a ndiaiḋ.