Tír na n-Iongantas/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXV
[ 55 ]

XXV.

Ní ċreidṫeá aċt a ṁuinntearḋa is d’eiriġ na gasúir agus na leoṁain ’n-a ḋiaiḋ seo. Ní ḟeicfiḋe an sean- leoṁan (nó Deaideó mar ḃíoḋ ag an mBúrla air) i n-aon áit gan an Búrla féin ḃeiṫ ag sodar n-a ḋiaiḋ ar nós coileáin gaḋair. Ní siuḃal maiṫ ná cainnt ṁaiṫ ḃí ag an mBúrla an lá do b’ḟeárr ḃí sé, agus is iomḋa leadraḋ loineaċáin ġeiḃeaḋ sé ó n-a ṁáṫair [ 56 ]mar ġeall air é ḃeiṫ ró-ṫugṫa do ṡodar na gceiṫre gcos! An créatúr boċt! Ḃíoḋ air eirġe ar a ḋá ċois deiriḋ ar nós duine, agus ar ndóiġ, ba ṁór an obair air sin, mar ḃí galar cnáṁ éigin a gaḃail dó ó n-a óige d’ḟág na cosa lag cam aige. Nuair ḃíoḋ sé n-a ṡeasaṁ agus a ḋruim leat, ċeapṫá naċ raiḃ ann aċt caḃail a mbéad fonnsa feóla fúiṫe. Ba ṁó an leiṫead ḃí san ḃfonnsa seo ná an aoirde. Ċeapṫá nár ṫaiṫniġ glún leis, leis an nglúin eile, agus go raḃadar ag síoriarraiḋ imṫeaċt ó ċéile!

Ní raiḃ spóirt ba ḃreáġṫa le buaċaillíḃ óga n-a ḃaile féin ná gaḋar beag oilte ḃí ag duine aca a ċur ag léimniġ trí ċosaiḃ cama an Ḃúrla gan teangṁáil leis. Ṫáinig bean an Ċaiptín Ṁongaiġ orṫa lá agus an maidrín ag taḃairt na léim ṫríd an ḃfonnsa feóla ḃí faoi ċaḃail ḃig an Ḃúrla; ḃí sé ċoṁ cliste ag taḃairt na léim is ḃíos na mná aicliḋe feictear ag léimniġ ṫrí ḟonnsa de ṁuin ċapaill i dtasbáinteas, aċt nuair a ṫáinig an ṁáṫair orṫa....

Óir ḃí an déanaṁ sin ar ċosaiḃ an Ḃúrla ba réiḋe leis go mór gluaiseaċt ar nós na n-ainṁiḋe ḃí n-a ṫimċeall. Agus sin é rinne sé. Ní ḟeicfiḋe n-a ċeart-ṡeasaṁ é aċt corr-uair.

Ḃí stad cainnte ag gaḃail dó mar an gcéadna. Ḃíoḋ sé ag casaḋ na ḃfocal n-a ḃéal agus ġá n-iṫe mar deirṫeá, agus an ċuid díoḃ d’éaluiġeaḋ uaiḋ, is rí- ṁinic naċ n-aiṫneoċaiḋe go mba focla iad ar ċor ar biṫ, ḃídís ċoṁ lúbṫa casta sin aige i ndiaiḋ na cogainte ḃeireaḋ sé ḋóiḃ.

Ḃí sé dona go leór sul ar ḟág sé an baile, aċt nuair ḃí tamall maiṫ curṫa ḋe aige i ḃforaois na leoṁan ní ċluinfiḋe uaiḋ aċt glam agus tafaint agus sgréaċġail na n-ainṁiḋe le n-ar ċoṁnaiġ sé. Ḃí sé i n-ann aiṫris a ḋéanaṁ ar Ḋeaideó, ar a ġlam agus ar a iomċur agus ar na nósaiḃ éagsaṁla eile ḃí aige. Ḃíoḋ sé n-a ṡuiḋe ar a ġogaide ag béal na pluaisc go minic ag féaċaint ar Ḋeaideó, agus ní ṫiocfaḋ aṫruġaḋ i n-ead- an an ḃeiṫiḋiġ ṁóir naċ dtiocfaḋ aṫruġaḋ da réir i [ 57 ]ngnúis an ġasúir. Dá gcaoċaḋ Deaideó súil, ċaoċaḋ an Búrla súil freisin. Dá mbogaḋ sé a ḃéal do ḃogaḋ an Búrla a ḃéal féin ag leigint air gur ag gáiriḋ ḃí sé An greim bog ḃí aige ar dtús ar ċanaṁaint agus a nósaiḃ daonna, ḃí sé ġá lagaḋ i ndiaiḋ a ċéile.

Ní maiṫ a réiḋtiġ biaḋ na leoṁan le Máire Ḃáin i dtosaċ báire, cé go dtáinig sí isteaċ air leis an aimsir. Aċt maidir le n-a dearḃraṫáir, ní ċeapṫá gur ḃlas sé ariaṁ de aonḟeóil ḃí ċoṁ taiṫneaṁaċ le feóil ṁoncaiġ! Dá gcaiṫeaḋ Deaideó crúibín gaḋair allta ċuige ḃíoḋ sé ag imṫeaċt as a ċraiceann le ríméad! Ḃí sé i n-ann an oiread iṫe le ceann de na coileáin óga, nó i ngar ḋó, agus ba ṁór an greann é ḟeiceál ag iarraiḋ cnáṁ a ġoid ó ċoileán na leaṫ-ṡúile, tráṫ a mbíoḋ an biaḋ gann aca.

Ní raiḃ sé i n-ann aon ḃeiṫiḋeaċ dár ċoṁnaiġ san ḃforaois a ionnsaiġe aċt na cinn ba luġa. Ḃí tréad mór d’ainṁiḋṫiḃ biḋeaċa a raiḃ déanaṁ coiníní orṫa n-a gcoṁnaiḋe faoi ṫalaṁ i ngar de ṗluais na leoinan. Ní ṫigidís amaċ aċt le tuitim na hoiḋċe. Ḃí coisiġeaċt an-ṁaiṫ aca agus ḃeaḋ sé fánaċ ag an mBúrla ḃeiṫ ag iarrarḋ breiṫ orṫa ar an gcaoi sin. Aċt d’ḟoġluim sé cleas eile ó ḃeiṫ ag féaċaint ar na madraiḃ allta ar ṫóir an ḃíḋ. D’ḟanaḋ sé n-a luiḋe go socair sa ḃféar agus san lusra ag béal na bpoll, gan cor gan car as, agus is minic d’eiriġeaḋ leis breiṫ ar ċeann díoḃ ar ḟágáil a ṗuill ḋó. Ṫaċtaḋ sé é, sméaraḋ sé a ḃéal agus a éadan le n-a ċuid fola agus ḃeireaḋ sé go dtí an ṗluais é n-a ḃéal, ag leigint air féin go raiḃ gníoṁ mór gaisgiḋeaċta déanta aige agus breiṫ air ar an gcaoi sin.