Tír na n-Iongantas/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXIV
[ 53 ]

XXIV.

Aċt ḃí rún ag an leoṁan mór aosta nár leig sé le neaċ ariaṁ. Fuair an Búrla eólas ar a rún ar an gcaoi seo:-

Ḃí sé féin agus an leoṁan n-a gcodlaḋ le ċéile sa bpluais oiḋċe mar ba ġnáṫaċ. Ḃíodar tar éis béile ṁór iṫe. Feóil ṡearaiġ capaill ḃí aca, agus ruaine beag de ḃrocḟeóil ḃí fágṫa ó ḃéile na maidne. Agus ḃí an ċosaṁalaċt orra gur iṫeadar a sáiṫ de’n dá ḃiaḋ, mar ḃí béal an Ḃúrla agus béal an tseanleo- ṁain sméarṫa le fuil

Ḃí an leoṁan mór n-a ċodlaḋ go sáṁ agus a ḋá ċois tosaiġ timċeall ar an mBúrla. Ḃí seisean n-a ḋúiseaċt aċt dá mbeaḋ fonn air imṫeaċt ó ḃarróig [ 54 ]ċruaiḋ a ċarad ní ḟéadfaḋ sé. Ḃí sé sásta mar ḃí áṁṫaċ. Ḃí cuid ṁaiṫ de’n oiḋċe caiṫte agus ní raiḃ aon ċodlaḋ ag teaċt air. Ḃí an t-earraċ ann faoi seo, agus an-ċuimse cruṁ le feiceál ṫart timċeall ar úrlár na pluaise, agus iad ag sgeiṫeaḋ soluis uaṫa. Is dóca gurab é an ċaoi gur iṫ an Búrla boċt an iomarca de’n ḟeóil ṡearraiġ, mar ní raiḃ a ġoile ar fognaṁ, agus néal níor ṫáinig air. Ċuala Máire Ḃán ag osnáġail agus ag cneadġail é i gcaiṫeaṁ na hoidċe.

Ṫáinig codlad air ar ṫeaċt na maidne, agus ṫosaiġ sé ag brionglóidiġ:-

Sa mbaile ḃí sé n-a árus féin i nGailliṁ. Ḃí sé n-a suiḋe cois teine ṁóna agus a aṫair agus a ṁáṫair n-a ċuideaċtain. Ina ṡuiḋe ar ġlúin a aṫar ḃí sé agus srón ṁór ḟada iolraċ an duine uasail sin buailte le n-a leicinn féin. Ḃí a ṁáṫair ag cur di go tiuġ agus a aṫair ag éisteaċt léiṫi go foiġideaċ.

Ṫuit néal ar féin agus é n-a ṡuiḋe ar ġlúin a aṫar. Rug sé ar ḟolt mór a aṫar, mar ṡil sé, aċt ar ndóiġ is i ngreim i muing an tseanleoṁain ḃí sé i ndá ríriḃ.

Ċuir an leoṁan cor de. Níor ḃreáġ leis duine ná ainṁiḋe ḃeiṫ i ngreim muinge ann. Ní raiḃ sé de ċeart ag éinne ḃeiṫ ag déanaṁ mór leis ar an gcaoi sin. Ċuir sé drann agus snaois air féin. Naċ é an Búrla ḃí dána leis! Ċaiṫeaḋ sé deaġḃéasa ṁúineaḋ ḋó, an liuraċán mí-ṁúinte!

Aċt níor dúisiġeaḋ an Búrla. Níor dúisiġeaḋ an seanleoṁan aċt oiread. Ḃí an iomarca iṫte aige, agus ḃí an díṫleaġaḋ ḋá ċráḋ. Ní ḋeárna sé, aċt a ċab mór a ḃogaḋ roinnt. D’osgail sé a ḃéal mar ḃéaḋ sé dá ṡearraḋ féin, agus níor ḋún i gceart arís é.

Ḃí méara an Ḃúrla i ḃfastoḋ sa ṁuing ṁóir lomraiġ, aċt d’eiriġ leis iad a sgaoileaḋ ar ḃealaċ éigin, agus cá sáiṫeaḋ sé dorn leis aċt i gcab osgailte an leoṁain

Ṫuit cineál cruiṁ anuas ar ṡróin an Ḃúrla agus dúisiġeaḋ go tobann é. Ceann de na cruṁaiḃ ba ṡolusṁaire dá raiḃ le faġáil ḃí ann, agus ṫosaiġ na [ 55 ]cinn eile ḃí ar fud an úrlair ag cruinniuġaḋ timċeall air. Ċoṁair an Búrla deiċ gcinn díḃ ar ṡróin an leoṁain, agus a lóċran féin ag gaċ ceann díḃ.

Ní ċreidfiḋe aċt an solus maiṫ ḃí ag an mBúrla ar ḋúiseaċt ḋó.

Ṫóg sé a ċeann de ḃráġaid an leoṁain go ḃfeiceaḋ sé na hailleáin ḃí ag taḃairt an tsoluis ḋó, agus ḋearc sé isteac i mbéal an tseanleoṁain agus síos n-a sgórnaċ ṁór ḋearg.

Ṫáinig iongantas an doṁain air. Ní raiḃ fiacal i i gceann an leoṁain! Rinne sé srúduġaḋ níos beaiċte ar a ċaraid.

Ní raiḃ iongan ar a ċrubaiḃ aċt oiread!

Ḃí a ġléas coṁraic agus cosanta caillte ag an sean- leoṁan a raiḃ an ċáil ṁór troda air! Ní raiḃ ann troid a ḋéanaṁ dá dtogróċaḋ sé féin é. Ḃéaḋ an beiṫiḋeaċ ba luġa ann i n-ann a ċlaoiḋ dá mbéaḋ ḟios aige é!

Ḃí truaiġ ag an mBúrla dá ċaraid. Ní eisean a sgeiṫeaḋ air. Dá gceaptaoi naċ raiḃ ann é féin a ċosaint ba ġeárr a ré. Ní raiḃ gléas cosanta aige anois aċt a ċáil.

Tuigfear ó’n méid seo cé’n fáṫ naċ ndeárna sé troid leis na ciantaiḃ, tuigfear cé’n fáṫ nár osgail sé a ḃéal ariaṁ i láṫair coṁluadair, tuigfear cé’n fáṫ go mbíoḋ sé ag iṫe agus n-a codlaḋ leis féin i gcuas faoi leiṫ san bpluais, agus bíoḋ an truaiġ ċeadna againn-ne do’n tseanseadaire ċaill a ġléas troda is ḃí ag an mBúrla dó.