Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

57

ngnúis an ġasúir. Dá gcaoċaḋ Deaideó súil, ċaoċaḋ an Búrla súil freisin. Dá mbogaḋ sé a ḃéal do ḃogaḋ an Búrla a ḃéal féin ag leigint air gur ag gáiriḋ ḃí sé An greim bog ḃí aige ar dtús ar ċanaṁaint agus a nósaiḃ daonna, ḃí sé ġá lagaḋ i ndiaiḋ a ċéile.

Ní maiṫ a réiḋtiġ biaḋ na leoṁan le Máire Ḃáin i dtosaċ báire, cé go dtáinig sí isteaċ air leis an aimsir. Aċt maidir le n-a dearḃraṫáir, ní ċeapṫá gur ḃlas sé ariaṁ de aonḟeóil ḃí ċoṁ taiṫneaṁaċ le feóil ṁoncaiġ! Dá gcaiṫeaḋ Deaideó crúibín gaḋair allta ċuige ḃíoḋ sé ag imṫeaċt as a ċraiceann le ríméad! Ḃí sé i n-ann an oiread iṫe le ceann de na coileáin óga, nó i ngar ḋó, agus ba ṁór an greann é ḟeiceál ag iarraiḋ cnáṁ a ġoid ó ċoileán na leaṫ-ṡúile, tráṫ a mbíoḋ an biaḋ gann aca.

Ní raiḃ sé i n-ann aon ḃeiṫiḋeaċ dár ċoṁnaiġ san ḃforaois a ionnsaiġe aċt na cinn ba luġa. Ḃí tréad mór d’ainṁiḋṫiḃ biḋeaċa a raiḃ déanaṁ coiníní orṫa n-a gcoṁnaiḋe faoi ṫalaṁ i ngar de ṗluais na leoinan. Ní ṫigidís amaċ aċt le tuitim na hoiḋċe. Ḃí coisiġeaċt an-ṁaiṫ aca agus ḃeaḋ sé fánaċ ag an mBúrla ḃeiṫ ag iarrarḋ breiṫ orṫa ar an gcaoi sin. Aċt d’ḟoġluim sé cleas eile ó ḃeiṫ ag féaċaint ar na madraiḃ allta ar ṫóir an ḃíḋ. D’ḟanaḋ sé n-a luiḋe go socair sa ḃféar agus san lusra ag béal na bpoll, gan cor gan car as, agus is minic d’eiriġeaḋ leis breiṫ ar ċeann díoḃ ar ḟágáil a ṗuill ḋó. Ṫaċtaḋ sé é, sméaraḋ sé a ḃéal agus a éadan le n-a ċuid fola agus ḃeireaḋ sé go dtí an ṗluais é n-a ḃéal, ag leigint air féin go raiḃ gníoṁ mór gaisgiḋeaċta déanta aige agus breiṫ air ar an gcaoi sin.


XXVI.

Ṫug sé beiṫiḋeaċ beag de’n tsort seo aḃaile leis oiḋċe. Ḃí Deaideó sa mbaile roiṁe agus sin a raiḃ. Ḃí an ṁuinntir eile ag imṫeaċt ar fud na foraoise ar lorg biḋ. Aċt ḃí cosaṁlaċt ar Ḋeaideó naċ dteas-