Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

56

mar ġeall air é ḃeiṫ ró-ṫugṫa do ṡodar na gceiṫre gcos! An créatúr boċt! Ḃíoḋ air eirġe ar a ḋá ċois deiriḋ ar nós duine, agus ar ndóiġ, ba ṁór an obair air sin, mar ḃí galar cnáṁ éigin a gaḃail dó ó n-a óige d’ḟág na cosa lag cam aige. Nuair ḃíoḋ sé n-a ṡeasaṁ agus a ḋruim leat, ċeapṫá naċ raiḃ ann aċt caḃail a mbéad fonnsa feóla fúiṫe. Ba ṁó an leiṫead ḃí san ḃfonnsa seo ná an aoirde. Ċeapṫá nár ṫaiṫniġ glún leis, leis an nglúin eile, agus go raḃadar ag síoriarraiḋ imṫeaċt ó ċéile!

Ní raiḃ spóirt ba ḃreáġṫa le buaċaillíḃ óga n-a ḃaile féin ná gaḋar beag oilte ḃí ag duine aca a ċur ag léimniġ trí ċosaiḃ cama an Ḃúrla gan teangṁáil leis. Ṫáinig bean an Ċaiptín Ṁongaiġ orṫa lá agus an maidrín ag taḃairt na léim ṫríd an ḃfonnsa feóla ḃí faoi ċaḃail ḃig an Ḃúrla; ḃí sé ċoṁ cliste ag taḃairt na léim is ḃíos na mná aicliḋe feictear ag léimniġ ṫrí ḟonnsa de ṁuin ċapaill i dtasbáinteas, aċt nuair a ṫáinig an ṁáṫair orṫa....

Óir ḃí an déanaṁ sin ar ċosaiḃ an Ḃúrla ba réiḋe leis go mór gluaiseaċt ar nós na n-ainṁiḋe ḃí n-a ṫimċeall. Agus sin é rinne sé. Ní ḟeicfiḋe n-a ċeart-ṡeasaṁ é aċt corr-uair.

Ḃí stad cainnte ag gaḃail dó mar an gcéadna. Ḃíoḋ sé ag casaḋ na ḃfocal n-a ḃéal agus ġá n-iṫe mar deirṫeá, agus an ċuid díoḃ d’éaluiġeaḋ uaiḋ, is rí- ṁinic naċ n-aiṫneoċaiḋe go mba focla iad ar ċor ar biṫ, ḃídís ċoṁ lúbṫa casta sin aige i ndiaiḋ na cogainte ḃeireaḋ sé ḋóiḃ.

Ḃí sé dona go leór sul ar ḟág sé an baile, aċt nuair ḃí tamall maiṫ curṫa ḋe aige i ḃforaois na leoṁan ní ċluinfiḋe uaiḋ aċt glam agus tafaint agus sgréaċġail na n-ainṁiḋe le n-ar ċoṁnaiġ sé. Ḃí sé i n-ann aiṫris a ḋéanaṁ ar Ḋeaideó, ar a ġlam agus ar a iomċur agus ar na nósaiḃ éagsaṁla eile ḃí aige. Ḃíoḋ sé n-a ṡuiḋe ar a ġogaide ag béal na pluaisc go minic ag féaċaint ar Ḋeaideó, agus ní ṫiocfaḋ aṫruġaḋ i n-ead- an an ḃeiṫiḋiġ ṁóir naċ dtiocfaḋ aṫruġaḋ da réir i