Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/296

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
286
Caib. XXI. 11
EÓIN

airt Íosa leó: Tugaidh anso cuid de sna h-éisg a thógabhair anois. 11Chuaidh Símón Peadar suas, agus tharraing sé an líon i dtír agus é lán d’iasgaibh móra, céad agus caogad agus a trí. Agus bíodh go raibh oiread san ann dióbh, níor briseadh an líon. 12Dubhairt Íosa leó: Tagaidh agus ithidh rud. Agus níor leómhaigh aoinne d’á raibh ag caitheamh an bhídh a fhiafraighe dhe: Cé h-é thusa? Mar bhí fhios acu gur bh’é an Tighearna é. 13Agus tháinig Íosa, agus thóg sé an t-arán, agus thug sé dhóibh é, agus an t-iasg mar an gcéadna. 14B’shiné an trímhadh h-uair ag Íosa ’ghá thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh agus é eirighthe ó sna mairbh.


15Ansan, nuair a bhí bia caithte acu, dubhairt Íosa le Símón Peadar: A Shímóin mhic Eóin, an mó do ghrádh-sa dhom ’ná a ngrádh so? Dubhairt seisean leis: Iseadh, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein m’uain do chothú. 16Dubhairt sé airís leis: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Dubhairt sé leis: Tá, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. 17Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinig buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein mo chaoire do chothú.[* 1]

18Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb’ óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa n-áit ba thoil leat; [1]ach nuair a chríonóchair, sínfir amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat. 19Dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i n-iúil cad é an

  1. 2 Pead. i. 14.
  1. Ver. 17. “Dein mo chaoire do chothú.” Do gheall Críost uachtaránacht spiridáltha do Pheadar (Marc. xvi. 19). Do cómhlíon sé an gheallamhaint sin anso ag cur cúraim a thréada go léir air, .i. cúram na h-eagailse go léir, idir chléir agus tuath.