Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/297

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXI. 20
287
EÓIN

saghas báis go dtabharfadh sé glóire do Dhia leis. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige dubhairt sé leis: Lean mise.

20D’iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint, [1]an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubhairt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú? 21Nuair a chonaic Peadar é sin dubhairt sé le h-Íosa: Agus, a Thighearna, cad mar gheall air seo? 22Dubhairt Íosa leis: Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise. 23Ansan do chuaidh an focal amach ameasg na mbráithre ná faghadh an deisgiobul san bás. Agus ní dubhairt Íosa leis, Ní bhfaghaidh sé bás; ach, Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin?

24Sidé an deisgiobul a thugann fiadhnaise ins na neithibh seo, agus do sgríbh na neithe seo: agus is eól dúinn gur fíor an fhiadhnaise a thugann sé.

25Ach [2]tá a lán neithe eile do dhein Íosa, agus dá sgríbhtí síos i leabhraibh iad i ndiaidh chéile, measaim ná beadh slígh sa domhan féin do sna leabhraibh nár bh’ fhuláir a sgrí.

  1. Supra xiii. 23.
  2. Supra xx. 30.