Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/295

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XX. 30
285
EÓIN

Do chreidis, A Thomáis, mar do chonaicís mé. Is aoibhinn do’n mhuintir ná feacaidh, agus do chreid.

30[1]Do dhein Íosa, i láthair a dheisgiobul, mórán eile mírbhúiltí ná fuil sgríobhtha sa leabhar so. 31Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur b’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.



CAIBIDIOL XXI.

Críost ’á thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh ar bruach na faraige agus cúram a thréad ’á chur aige ar Pheadar.


1I n-a dhiaidh san do thaisbeáin Íosa é féin airís do sna deisgiobulaibh ag muir Thiberias, agus seo mar a thaisbeáin. 2Bhí Símón Peadar, agus Tomás ar a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus beirt eile deisgiobul, agus iad i bhfochair a chéile. 3Agus dubhairt Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireacht. Dubhradar leis: Raghaimíd-ne leat. Agus d’imthigheadar agus chuadar ar bórd luinge; agus i gcaitheamh na h-oidhche sin níor rugadar ar aon iasg. 4Ach nuair a tháinig an mhaidean, bhí Íosa ’n-a sheasamh ar an dtráigh; ach ní raibh fhios ag na deisgiobuil gur bh’ é Íosa é. 5Agus dubhairt Íosa leó: An bhfuil aon bhia agaibh, a bhuachaillí? D’fhreagradar: Ní’l. 6Dubhairt sé leó: Cuiridh an líon amach ar dheis na luinge agus geóbhaidh sibh. Chuireadar; agus láithreach bhí ag teip ortha an líon do tharang isteach, bhí oiread san iasg ann. 7Ansan, an deisgiobul san dob’ ionmhuin le h-Íosa, dubhairt sé le Peadar: Isé an Tighearna é. Nuair airigh Símón Peadar gur bh’ é an Tighearna é, do chuir sé a bhrat uime (óir bhí sé nocht) agus chaith sé é féin sa bhfaraige. 8Ach tháinig na deisgiobuil eile ar an luing, mar ní rabhadar-abhfad ó’n dtír, ach tímpal dhá chéad cúbat, agus tharaingeadar ’n-a ndiaidh an líon lán d’iasgaibh. 9Agus nuair a thánadar i dtír chonacadar gríosach ann, agus iasg anuas air, agus arán. 10Dubh-

  1. Infra xxi. 25.