Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/293

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XX. 4
283
EÓIN

eile amach, agus thánadar chun an tuama. 4Agus bhí an bheirt ag ruith i n-aonfheacht, agus do rith an deisgiobul eile níba luatha ’ná Peadar, agus isé ba thúisge tháinig chun an tuama. 5Agus nuair do chrom sé do chonaic sé an línéadach leagaithe ann; ach níor chuaidh sé isteach. 6Ansan do tháinig Símón Peadar ’n-a dhiaidh, agus chuaidh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé an línéadach leagaithe ann, 7Agus an ciarsúir a bhí ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit amháin. 8Ansan do chuaidh isteach an deisgiobul eile, a tháinig ar dtúis chun an tuama; agus do chonaic sé agus do chreid sé. 9Óir níor bh’fhios fós dóibh an scriptiúir, nár bh’fholáir é dh’eirighe ó sna mairbh. 10Ansan d’imthigh na deisgiobuil abhaile airís.

11Ach [1]d’fhan Máire ’n-a seasamh i n-aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di, ámhthach, do chrom sí, agus d’fhéach sí isteach sa thuama; 12Agus chonaic sí an dá aingeal, i n-éadach gheal, agus iad ’n-a suidhe, aingeal acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaibh na h-áite ’n-ar cuireadh corp Íosa. 13Dubhradar léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Dubhairt sí leó: Mar do thógadar mo Thighearna, agus ní fheadar cár chuireadar é. 14Nuair a bhí na focail sin ráidhte aici d’iompuigh sí siar, agus chonaic sí Íosa ’n-a sheasamh, agus ní raibh fhios aici gur bh’ é Íosa é. 15Dubhairt Íosa léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Cé atá uait? Cheap sisi gur ghárdnóir é, agus dubhairt sí leis: A dhuine mhacánta, má’s tusa a thóg é, innis dam cár chuiris é, agus béarfad liom é. 16Dubhairt Íosa léi: A Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir). 17Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia. 18Tháinig Máire Mhaghdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do chonac an Tighearna agus dubhairt sé na neithe seo liom.

19Agus um thráthnóna an lae chéadna an chéad lá de’n