Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/292

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
282
Caib. XIX. 34
EÓIN

chonacadar go raibh sé marbh cheana féin, agus níor bhriseadar a chosa; 34Ach d’osgail duine de sna saighdiúiríbh a thaobh le sleagh, agus tháinig amach as, láithreach, fuil agus usge. 35Agus an t-é a chonaic é thug sé fiadhnaise ann, agus is fíor a fhiadhnaise. Agus is eól dó san go bhfuil an fhirínne aige ’á rádh, ionus go gcreidfeadh sibh-se. 36Óir do deineadh na neithe sin ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir: [1]Ní bhrisfidh sibh aon chnámh ann. 37Agus airís deir scriptiúir eile: [2]Chífid siad an t-é a shádadar.


38’N-a dhiaidh san d’iarr Ióseph ó Arimataea ar Phílát (mar deisgiobul le h-Íosa dob eadh é, ach fé chéilt, le h-eagla na n-Iúdach) leigint dó corp Íosa do bhreith leis. Agus do thoiligh Pílát. Agus tháinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. 39Agus do tháinig Nicodémus, leis, [3]an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meághchaint. 40Agus do thógadar corp Íosa, agus do cheangaladar é le línéadach agus leis na spíosraíbh, fé mar is gnáth leis na Iúdaigh adhlacadh dhéanamh. 41Agus bhí sa n-áit ’n-ar céasadh é gáirdín, agus sa gháirdín bhí tuama nua nár h-adhlacadh aoinne fós ann. 42Chuireadar Íosa sa tuama san, mar bhí sé ’n-a gcómhgar, agus b’é lá ollamhuighthe na n-Iúdach é.



CAIBIDIOL XX.

Aiséirighe Chríost agus é ’ghá thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh.


1Agus [4]an chéad lá de’n tseachtmhain tháinig Máire Mhaghdalén ar maidin, agus an doircheacht fós ann, chun na h-uagha, agus chonaic sí an leac tógtha ó’n uaigh. 2Ansan do rith sí agus tháinig sí ag triall ar Shímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuireadar é. 3Agus d’imthigh Peadar agus an deisgiobul

  1. Exod. xii. 46; Uimh. xi. 12.
  2. Zach. xii. 10.
  3. Supra iii. 2.
  4. Mait. xxviii. 1; Marc. xvi. 1; Lúc. xxiv. 1.