Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/249

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VI. 5
239
EÓIN

bhí an Cháisg, lá féile na n-Iúdach, ana-achmair. 5Nuair a dh’árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 6’Ghá bhrath, ámhthach, iseadh adubhairt sé an chaint sin, óir bhí fhios aige féin cad a bhí beartuighthe aige a dhéanamh. 7D’fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do’n duine acu. 8Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar: 9Tá buachaill anso agus tá chúig bulóga eórnan aige agus dhá iasg; ach cad é an fhaid le dul an méid sin ar oiread daoine? 10Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine ’n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine. 11Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta. 12Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú. 13Do bhailígheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de’n mhion arán a bhí as na chúig bulógaibh eórnan i ndiaidh na ndaoine do chaith an bia. 14Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan. 15Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, [1]d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar.

16Agus nuair a bhí sé ’n-a thráthnóna do chuaidh a dheisgiobuil síos chun na faraige. 17Agus chuadar ar bórd na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Capharnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus ní raibh Íosa tagaithe chúcha. 18Agus d’eirigh gaoth mhór, agus bhí an fharaige ag eirighe árd. 19Agus nuair a bhí chúig stada fichid nó deich stada fichid d’iomramh déanta acu do chonacadar Íosa agus é ag siubhal ar an bhfaraige, i n-aice na luinge, agus tháinig sgannradh ortha. 20Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná