Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/248

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
238
Caib. V. 38
EÓIN

riamh a ghuth, [1]ná ní fheacabhair a dhealbh. 38Agus ní’l a bhriathar agaibh ag fanmhaint ionaibh, óir an t-é a chuir seisean uaidh ní thugann sibh-se creideamhaint dó. 39Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am’ thaobh-sa.[* 1] 40Agus ní h-áil libh teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh. 41Ní ghabhaim glóire ó dhaoine. 42Ach tá aithne agam oraibh-se, ná fuil grádh Dé agaibh istigh ionaibh. 43Do thánag-sa i n-ainim m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é. 44Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, [2]agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin? 45Ná measaidh go bhfuilim-se chun sibh a ghearán leis an Athair; tá duine a dheineann gearán oraibh, eadhon, Maois, an t-é go bhfuil bhúr mainighín as. 46Óir dá gcreideadh sibh Maois b’fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir[3] is orm-sa do sgríbh sé sin. 47Ach mura gcreideann sibh a sgríbhinn sin, conus a chreidfidh sibh mo bhréithre-se?



CAIBIDIOL VI.

Bia á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine a’ chúig bulógaibh. É ag siúbhal ar an bhfaraige. É ag labhairt ar arán na beatha.


1Tar éis na neithe sin d’imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, ’sé sin Tiberias, 2Agus do lean sluagh mhór daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh ar easlánaibh. 3Agus d’imthigh Íosa an cnoc suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul. 4Agus

  1. Deut. iv. 12.
  2. 1 Cor. iv. 5.
  3. Gen. iii. 15, xxii. 18, xlix. 10; Deut. xviii. 15.
  1. Ver. 39. Cuardaightear na scriptiúirí, nú Cuarduighidh, nú Cuarduigheann sibh, na scriptiúirí. Ní h-amhlaidh a dh’órduíghtear do’n uile dhuine na scriptiúirí do sgrúdú. Is amhlaidh a chasann ár Slánuightheóir leis na Fairisínigh go rabhdar i gcomhnuídhe ag sgrúdúghadh na scriptiúirí chun ná beatha síoruidhe fhághail ionta agus, tar éis an sgrúduighthe go leír, ná glacfidís an t-é ar a raibh na scriptiúirí go léir ag tabhairt fiadhnaise, an t-é amháin a thabharfadh an bheatha shíoruídhe dhóibh.