Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/247

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. V. 24
237
EÓIN

siad onóir do’n Athair; an t-é ná tugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh an Mac. 24Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a dh’éisteann le m’briathar-sa agus a chreideann an t-é a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go beatha. 25Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth Mhic Dé, agus an mhuintir a dh’aireóchaidh beid siad beó. 26Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma gcéadna do thug sé do’n Mhac beatha bheith aige ann féin. 27Agus thug sé cómhacht dó chun breithe do dhéanamh, mar isé Mac an Duine é. 28Ná déinidh iongna dhe seo, mar tá an uair ag teacht ’n-a n-aireóchaid a bhfuil ins na h-uaghnaibh guth Mhic Dé. 29[1]Agus tiocfaid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe.[* 1] 30Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé.

31Má thugaim-se fiadhnaise am thaobh féin ní’l m’fhiadhnaise fíor. 32[2]Tá neach eile a thugann fiadhnaise am’ thaobh, agus is eól dom gur fiór an fhiadhnaise a thugann sé am’ thaobh. 33Chuireabhair-se ag triall ar Eóin, agus thug sé fiadhnaise ar an bhfírinne. 34Ach ní ghlacaim-se fiadhnaise ó dhuine; ach deirim na neithe seo i dtreó go saorfaí sibh-se. 35Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus. 36Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreacha gur thug m’Athair dom iad le déanamh, na h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadhnaise am’ thaobh gur b’é an t-Athair a chuir uaidh mé. 37Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh [3]do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se

  1. Ver. 29. Go h-aiseirghe na breithe, .i. chun daorbhreitheamhantais.