Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/246

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
236
Caib. V. 10
EÓIN

do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid ann an lá san.

10Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighiseadh: Tá an tsabbóid ann; [1]ní ceaduighthe dhuit bheith ag iompar do leabtha. 11D’fhreagair sé iad: An t-é do leighis mé dubhairt sé liom: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. 12Agus d’fhiafraigheadar de: Cé h-é an duine sin adubhairt leat: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? 13Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh cé ’r bh’é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit. 14Do fuair Íosa ’n-a dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach, táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbainfeadh rud éigin níosa mheasa dhuit. 15D’imthigh an duine agus d’innis sé do sna Iúdaigh gur bh’é Íosa do leighis é. 16D’á bhrígh sin bhí na Iúdaigh ag cur ar Íosa mar gheall ar na neithe sin a dhéanamh sa tsabbóid.

17Agus d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se. 18Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh’é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach ’n-a theannta san go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a athair, ’ghá chur féin ar aon dul le Dia.


19Ach d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do’n Mhac aon nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair ’á dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna. 20Óir is ionmhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann sé dhó gach nídh d’á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeidh iongna oraibh-se. 21Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis. 22Óir ní bheireann an t-Athair breith ar aoinne, ach tá gach breith tabhartha aige do’n Mhac. 23I dtreó go dtabharfadh gach aoinne onóir do’n Mhac, fé mar a thugaid

  1. Exod. xx. 11; Ierem. xvi. 24.