adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid sé féin agus a theaghlach go léir.
54B’é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dhein Íosa tar éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí.
CAIBIDIOL V.
1Tar éis na neithe sin do thárla [1]lá féile ag na Iúdaigh, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. 2Tá ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig cinn de sgáthanaibh i n’aice.[* 1] 3Agus bhíodh ionta san cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacachaibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le coruighe an uisge. 4Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do coruightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air. 5Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air. 6Nuair a chonaic Íosa an duine sin ’n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánófaí thu? 7Agus dubhairt an duine breóite: A Thighearna, ní’l duine agam chun mé chur sa loch nuair a coruightear an t-uisge, agus an fhaid a bhím ag teacht bíonn duine eile istigh rómham. 8Dubhairt Íosa leis: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. 9Agus
- ↑ Lebhit. xxiii. 5; Deut. xvi. 1.
- ↑ Ver. 2. “Probatica,” .i. “lochán na gcaorach;” toisg gurab ann do níghtí na caoíre a bhíodh le h-ídhbirt sa teampul; toisg é bheith i n-aice gheata na gcaorach. Is léir ó’n dtéax naomhtha go ndeintí mírbhúilte sa loch san. Agus is léir, leis, nách leigheas nádúrtha a bhí sa n-uisge, óir ní leighstí ach aoinne amháin de sna daoine a curtí isteach ann nuair a chorruígheadh an t-uisge, dá mba i nádúr an uisge bheadh an leigheas do leighisfí gach aoinne a curfí isteach an uair sin.