Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/244

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
234
Caib. IV. 39
EÓIN

sibh-se uaim ag baint an fhóghmhair nár dheineabhair a shaothrú; daoine eile a dhein an saothrú, agus chuadhabhair-se isteach ’n-a saothar.

39Agus do chreid mórán de Shamaritánaigh na catharach san ann, mar gheall ar chaint na mná ag tabhairt na fiadhnaise: D’innis sé dhom gach nídh d’ár dheineas. 40Agus tháinig na Samaritánaigh ag triall air, agus d’iarradar air fanmhaint sa n-áit. Agus d’fhan sé ann dhá lá. 41Agus do chreid mórán níba mhó dhíobh ann mar gheall ar a chaint féin. 42Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall ar do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.

43Ach tar éis dá lá d’fhág sé an áit agus d’imthigh sé go Gaililí. 44[1]Óir do thug Íosa féin fiadhnaise ná faghann fáidh onóir ’n-a dhúthaigh féin. 45Agus nuair a tháinig sé go Gaililí do ghlac muintir na Gaililí é, mar bhíodar tar éis gach nídh a dh’fheisgint d’ár dhein Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir bhíodar tar éis teacht chun na féile.

46Tháinig sé, d’á bhrígh sin, go Cána na Gaililí [2]mar ar dhein sé fíon de’n uisge. Agus bhí taoiseach áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum. 47Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bháis. 48Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a dh’fheisgint ní chreideann sibh. 49Ach dubhairt an taoiseach leis: A Thighearna, tar anuas sar a bhfaghaidh mo mhac bás. 50Dubhairt Íosa leis: Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an focal adubhairt Íosa leis agus d’imthigh sé. 51Agus nuair a bhí sé ar an slígh ag gabháil síos do bhuail a sheirbhísigh uime agus d’innseadar dó go raibh a mhac beó. 52Agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a tháinig feabhas air. Agus dubhradar leis: Indé, ar an seachtmhadh h-uair iseadh dh’imthigh an t-éagcruas de. 53Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin