Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/235

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. I. 27
225
EÓIN

dubhairt sé leó: [1]Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se. 27Siné an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. 28Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine.

29An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ag teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain. 30Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; 31Agus níor aithnigheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i n-uisge.

32Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: [2]Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. 33Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh. 34Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.


35An lá ’n-a dhiaidh san airís bhí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á dheisgiobuil, 36Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé. 37Agus d’airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte, agus do leanadar Íosa. 38Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú? 39Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair.

40Agus duine de’n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin