Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/231

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXIV. 34
221
LÚCÁS

an t-aoinne déag i bhfochair a chéile, agus a raibh i n-aonfheacht leó, 34Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad. 35Agus d’innseadar féin cad a bhí d’éis tuitim amach ar an slígh, agus conus mar a dh’aithnigheadar é i mbriseadh an aráin.

36[1]Agus an fhaid a bhíodar ag caint mar sin, do sheasaimh Íosa ’n-a measg agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh. Is mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 37Ach bhí buaireamh ortha, agus sgannradh, mar do mheasadar gur spioraid a chonacadar. 38Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an t-eagla bheith oraibh, agus smuínte bheith ag eirighe i nbhúr gcroidhe? 39Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann; cuiridh bhúr lámha orm agus feicidh; ní’l feóil agus cnámha ag spioraid mar a chíonn sibh atá agam-sa. 40Agus nuair a dubhairt sé an méid sin thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a chosa. 41Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil anso agaibh aon nídh a dh’íosfí? 42Agus thugadar chuige blúire d’iasg rósta agus criathar meala. 43Agus nuair a bhí ithte aige os a gcómhair thóg sé an fuighleach agus thug sé dhóibh é.

44Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh. 45Ansan d’osgail sé a n-aigne dhóibh i dtreó go dtuigfidís an scriptiúir. 46Agus dubhairt leó:[2] Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá, 47Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí. 48[3]Agus is fínnithe sibh-se ar na neithe sin. 49Agus táim-se ag cur geallamhna m’ Athar chúghaibh; ach fanaidh-se sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh.[* 1]

  1. Ver. 49. “Geallamhna m’Athar,” An Spioraid Naomh n-ar gheall Críost do gcuirfadh chúcha é. (Eóin xiv. 26, agus xvii. 7.)