Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/230

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
220
Caib. XXIV. 17
LÚCÁS

do coimeádadh a súile gan é dh’aithint. 17Agus dubhairt sé leó: Cad í an chaint seo ar siúbhal agaibh eadraibh, ar an slígh, agus sibh buartha? 18Agus d’fhreagair duine acu é dár bh’ ainim Cleophas, agus dubhairt sé: An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Íerúsalem nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh seo? 19Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dtaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine, 20Agus conus mar a dhein na h-árd-shagairt agus ár n-uaisle é bhrath agus é dhaoradh chun báis, agus é chéasadh. 21Ach bhí súil againne go raibh sé chun Israéil a dh’fhuasgailt, agus n-a theannta san a’s uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach. 22Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae, agus chuireadar sgannradh orainn, 23Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó. 24Agus d’imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin. 25Agus dubhairt sé féin leó: Ó, a dhaoine dalla dúr-chroídheacha chun gach nídh adubhairt na fáidhe do chreideamhaint. 26Ná raibh ar Chríost na neithe sin d’fhulang agus teacht ar an gcuma san isteach ’n-a ghlóire? 27Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.

28Agus bhíodar tagaithe chun an bhaile go rabhadar ag dul ann, agus do leig seisean air go raibh sé ag dul níos sia. 29Agus dheineadar tathant air, agus dubhradar: Fan againne, mar tá sé n-a thráthnóna agus tá an lá caithte cheana féin. Agus chuaidh sé leó isteach. 30Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é. 31Ansan do h-osgaladh a súile agus d’aithnigheadar é, agus d’imthigh sé as a radharc. 32Agus dubhradar le chéile: Ná raibh ár gcroidhe ar lasadh ionainn nuair a bhí sé ag caint linn agus ag nochtadh bríghe an scriptiúra dhúinn? 33Agus d’eirigheadar láithreach agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar