Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/228

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
218
Caib. XXIII. 48
LÚCÁS

thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras. 48Agus an tsluagh go léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san, agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. 49Agus a lucht aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe sin.


50Agus féach, [1]fear dár bh’ainim Ióseph, agus de’n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; 51Níor thoiligh sé leis an gcómhairle ’ná le n-a ngníomhartha; ó Arimatéa b’eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé ag súil le rígheacht Dé: 52Tháinig sé sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, 54Agus bhí lá an ollamhuighthe ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht.[* 1]

55Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chonacadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha ann. 56Agus d’fhilleadar agus d’ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan [2]do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne.

  1. Ver. 54. “Parasceue,” .i. an oídhche, nú lá an ollamhuighthe, do’n tSabbóid.