Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/227

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXIII. 34
217
LÚCÁS

eile ar a láimh chlé. 34Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.

35Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia. 36Agus bhí na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus ag tabhairt fínéigre dhó, 37Agus deiridís: Má’s tú rí na n-Iúdach saor thú féin. 38Agus bhí sgríbhinn sgríobhtha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACH É SEO.

39Agus thug duine de’n bheirt bhitheamhnach a bhí ar crochadh masla dhó, agus deireadh sé: Má’s tú Críost dein tu féin agus sinne do shaoradh. 40Ach do fhreagair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé: An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé’n ndaor-bhreith chéadna? 41Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhí tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh. 42Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa. 43Agus dubhairt Íosa leis: Deirim leat go fíor go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se.[* 1]

44Ansan bhí sé tímpal na sémhadh h-uaire, agus tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. 45Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do stracadh brat an teampail tré n-a lár. 46Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: [1]A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad’ lámhaibh. Agus ag rádh na bhfocal san dó, d’éag sé.

47Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla

  1. Salm xxx. 6.
  1. Ver. 43. “I bhflathas Dé,” .i. sa n-inead suainis agus áthair agus aoíbhnis síoruidhe. B’é toil Íosa Críost, i bhfuirm príbhléide áirithe, luacht saothair a chreidimh agus a admhála thabhairt do’n fhoghluidhe sin a dhein athrighe, .i. a pheacaí agus gach pionós d’ár lean iad do mhaitheamh dó agus é bheith leis, tar éis a bháis, isteach i gcómhluadar na neamh, sa limbo san a bhí le h-atharú n-a pháraithis chómh luath do raghadh ár Slánuightheóir síos ann.