Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/204

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
194
Caib. XVI. 16
LÚCÁS

daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.

16An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; [1]as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.

17Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh ’ná aon phúnc amháin de’n dlígh do dhul ar neamhnídh.

18[2]Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, deineann sé adhaltranas.

19Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá. 20Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh; 21Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. 22Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é.[* 1] 23Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d’fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; 24Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo. 25Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnigh, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. 26Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as san ag triall orainne. 27Agus dubhairt sé: Iar-

  1. Mait. xi. 12.
  2. Mait. v. 32; Marc. x. 11; 1 Cor. vii. 10, 11.
  1. Ver. 22. “ucht Ábraham,” .i. an t-inead suainis ’n-a raibh anamnacha na naomh a fuair bás roim Chríost go dtí gur osgail Críost geataí na bhflathas.