agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ mháighistir ort? 6Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille. 7Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh. 8Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. 9Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.[* 1]
10An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. 11D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? 12Agus murar dhílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin? 13[1]Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamh-shuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus [2]mammon.
14Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi. 15Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh
- ↑ Mait. vi. 24.
- ↑ .i. saidhbhreas saoghalta.
- ↑ Ver. 9. “An saidhbhreas claon,” nó “mammon na malluightheachta”—cialluígheann Mammon saidhbhreas. Tugtar annso ar shaidhbhreas “mammon na malluightheachta,” óir is minic a gheibhtear go h-olc é, agus is minic a curtar go h-olc é, agus is minic olc ag treacht as. Agus pé maith atá ann is rud saoghalta é agus is rud bréagach é. Ní h-é an fíor-shaidhbhreas é do’n Chríostaídhe.—“I dtreo go nglacfidís”—ibid. Taisbeánann san dúinn go mb’ fhéidir go bhféadfadh bochta Dé, gur thugamair faoiseamh ortha le déirc anso, ár n-anam do bhreith isteach i bhflathas Dé ’n-a dhiaidh so le n-a nguidhe.