Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/187

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XI. 18
177
LÚCÁS

[1]Tuitfidh tigh ar thigh. 18Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach. 19Má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach, cad í an chómhacht le n-a gcuirid bhúr gclann féin amach iad? D’á bhrígh sin tabharfaid siad-san breith oraibh-se. 20Agus má’s le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. 21Nuair a bhíonn fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síothcháin ar gach nídh ’n-a sheilbh. 22Ach má thagann fear is treise ’ná é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid. 23An t-é ná fuil liom tá sé am’ choinnibh, agus an t-é ná deineann cnuasach mar aon liom deineann sé sgaipeadh.

24Nuair a bhíonn an spioraid truaillighthe imthighthe as an nduine gluaiseann sé tré áiteanaibh gan uisge a d’iarraidh suaimhnis, agus nuair a theipeann air, deir sé: Fillfead chun mo thighe as a dtánag amach. 25Agus nuair a thagann sé gheibheann sé an tigh sguabtha glan órnáideach. 26Ansan imthigheann sé agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa staid deirineach an duine sin ’ná a chéad staid.

27Agus do thárla, nuair a dubhairt sé an méid sin, gur labhair bean sa tsluagh do ghuth árd agus go ndubhairt sí: Is beannuighthe an bhroinn a dh’iompar thu agus na cíocha a dheólais. 28Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.

29Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé ar a rádh leó: [2]Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. 30[3]Óir, fé mar a bhí Iónas ’n-a chómhartha do mhuintir Ninebhe, beidh Mac an Duine ’n-a chómhartha do’n tsliocht so. 31Eir-