Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/188

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
178
Caib. XI. 32
LÚCÁS

eóchaidh [1]Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó ’ná Salomón. 32Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha; [2]mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh é; agus féach duine anso is mó ’ná Iónas.

33Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. 34Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach, ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndorchadas. 35Tabhair aire, d’á bhrígh sin, gan an solus atá ionat a bheith ’n-a dhoircheacht agat. 36Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis.

37Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’fhochair. Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh. 38Agus do chrom an Fairisíneach ar mhachtnamh i n-a aigne agus ar a rádh leis féin: Cad n’a thaob ná nígheann se é féin roim bhia chaitheamh? 39Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; agus bíonn an taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhalluightheacht. 40A dhaoine gan chiall, nách é an t-é a dhein an taobh amuigh do dhein an taobh istigh? 41Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.

42Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní’l suim agaibh i mbreitheamhantas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan súd do leigint ar lár.

43Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidh-

  1. .i. banríghin Séba; feic 3 Rígh. x. 1.
  2. Ión. iii. 5.