Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/161

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. IV. 35
151
LÚCÁS

35Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó. 36Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhíodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-annspridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach? 37Agus do leath a chlú ins gach aon pháirt de’n tír.

38Agus nuair eirigh Íosa ó’n tsinagóig chuaidh sé isteach i dtigh Shímóin, [1]agus bhí éagcruas ana-throm ar mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe chuige ar a son. 39Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.

40Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad. 41Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost é.

42Agus nuair tháinig an lá d’imthigh sé amach agus chuaidh sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte ’ghá lorg, agus thánadar chun na h-áite ’n-a raibh sé, agus bhíodar ’ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha.

43Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.


44Agus bhí sé ag seanmóin i sinagógaibh Gaililí.