Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/162

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
152
Caib. V. 1
LÚCÁS


CAIBIDIOL V.

An tógáilt mhírbhúilteach éisg. Leigheas an Lobhair, agus Leigheas an duine a bhí gan lúth. Maitiú d’á ghlaodhach.


1Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin ’n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit. 2Agus do chonaic sé dhá luing ’n-a stad ag imeall an locha; mar bhí na h-iasgairí tagaithe i dtír agus iad ag nighe a líonta. 3Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing. 4Nuair a stad sé de’n chaint dubhairt sé le Símón: Gluais amach fé’n bpoll agus cuiridh amach bhúr líonta chun éisg a thógaint. 5Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon. 6Dheineadar san, agus do ghabhdar cruinniú mór iasg, i dtreó go raibh an líon d’á bhriseadh ortha. 7Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge. 8Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. 9Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu; 10Agus mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda. 11Agus chuireadar a loingeas ar tír, agus d’fhágadar gach nídh ’n-a ndiaidh, agus do leanadar eisean.

12Agus bhí sé i gceann de sna cathrachaibh, agus féach, tháinig duine a bhí lán de lobhra, agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh, agus ghuidh sé é, agus dubhairt: A Thighearna má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. 13Agus do shín