Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/163

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. V. 14
153
LÚCÁS

sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d’imthigh an lobhra dhe láithreach. 14Agus dubhairt sé leis gan é dh’innsint d’aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do’n tsagart, [1]agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.

15Ach sin mar ba mhó do leath an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. 16Agus d’imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe.

17Agus do thárla, lá, go raibh sé ’n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh ’n-a suidhe ann, agus dochtúirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó’n dTighearna ag dul chun a slánuighthe. 18Agus féach, daoine agus fear acu d’á iompar ar thocht, agus é gan lúth, agus bhíodar a d’iarraidh é bhreith isteach agus é chur ’n-a láthair; 19Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa. 20Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit. 21Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin? 22Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh? 23Cé’cu is usa a rádh, Maithtear do pheacaí dhuit, nó a rádh, Eirigh ad’ sheasamh agus siubhluigh? 24Ach ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí do mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth), Eirigh, adeirim leat, agus tóg suas do thocht, agus imthigh chun do thighe féin. 25Agus d’eirigh an duine láithreach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n-a luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé. 26Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán

  1. Lebhit. xiv. 4.